Ná géill is tú beo
Ábhar machnaimh ó mhac léinn Gaeilge

Le teacht agus imeacht Sheachtain na Gaeilge, agus ócáidí teanga á reáchtáil againn san ollscoil, chuir cara ceist orm a bhain geit asam:

“Cad é do sprioc, cad atá uait, cén fáth a ndéanann tú seo ar son na teanga?”

Chuir sé ag machnamh mé.

Ní dóigh liom gur fiafraíodh sin díom riamh agus, le bheith ionraic, níor smaoinigh mé chomh fadtéarmach sin.

Tá sé aisteach ar bhealach nach mbíonn freagra na ceiste sin againn láithreach bonn.

An imeachtaí teanga atá uainn? Seachtain nó coicís d’ócáidí Gaeilge? Caitheamh aimsire? Seirbhísí áirithe?

Ansin chuimhnigh mé ar nath cainte a d’inis cara eile ó Thír na mBascach domh:

“Euskaraz bizi nahi dut.”

Is í an chiall leis sin ná “Ba mhaith liom bheith beo tríd an Bhascais”.

Agus sin díreach an rud atá uaim, mo shaol ar fad a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, gan aon eisceacht ná leithscéal.

Saol bunaithe ar phrionsabail na nGael, ar chairdeas, ar chomhionannas, ar cheol, ar ghrá agus ar shochaí shláintiúil, agus sa dóigh is nach bhfágtar éinne ar lár.

Ní shílim gur mórán d’éileamh atá ann.

Bhí an t-ádh dearg liomsa, tógadh le Gaeilge mé, buíochas le mo thuistí ach go háirithe mo mhamaí a d’oibrigh go han-dian le triúr gasúr a thógáil le Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Táim cinnte nárbh í an rogha ab fhusa.

Ach threoraigh an cultúr agus an teanga muid, thug sé ábhar cainte dúinn, aclaíocht, cairdeas, ceol, nasc, cúis agus tá mé ag iarraidh an dea-thaithí sin a roinnt le gach duine.

Tá mé ag iarraidh mo shaol a chaitheamh mar a chaith mé an chéad chúpla bliain do m’óige, aineolach agus soineanta faoin domhan mór Béarla a bhí ag feitheamh orm gan focal de agam go dtí go raibh mé ceithre nó cúig bliana.

Cosúil leis na laethanta sin a bheadh fear céile Sasanach m‘aintín a labhairt liom agus ní bheadh clú agam cad é a bhí an boc á rá.

Cronaím na laethanta sin mar ní labhraíonn sé ach cacamas den chuid is mó.

Tá an sprioc soiléir i m’intinn mar sin: mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge agus ní ghéillfidh mé go dtí go bhfuil sin agam.

Bunaigí cumann rothaíochta a chairde, ciorcal comhrá, cumann cócaireachta nó siúil, déanaigí damhsa, drámaíocht, cumaigí filíocht, buailigí craiceann, labhraígí Gaeilge leis na húdaráis, le do chlann, le do chroí.

Déanaigí cibé rud faoin spéir chun an saol iomlán sin bheith agat.

Agus, mar a deir an banna ceoil Gaelach de chuid na hAlban, Oi Polloi, “Ná géill is tú beo”.


Is mac léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh é Naoise Ó Cairealláin. Is as Béal Feirste ó dhúchas dó agus tá sé ina bhall de Misneach i gCathair na dTreabh.