#NÁIRE: An cliché is mó?


Tá nath níos dearfaí ag teastáil uainn mar Ghaeil

In amanna, tá sé deacair a bheith i do Ghaeilgeoir.

Easpa cearta teanga, aineolas, cur i gcéill… más cainteoir Gaeilge tú sa tír seo tá seans mór ann go bhfuil a leithéid feicthe agat cheana.

Ar ndóigh, chuirfeadh sé fearg nó frustrachas ar an duine is suaimhní dá ndéanfaí iarracht a chearta féin a chur faoi chosc ar bhonn rialta, agus creidim nár chóir dúinn riamh mar phobal fanacht inár dtost.

Ag an am céanna, nach bhfuil muid i ndiaidh nath áirithe amháin a úsáid chun báis faoin am seo?

“NÁIRE!”

“Ba cheart náire a bheith ar an dream sin… Is náireach an rud a dúirt mo dhuine… Mo náire iad an rialtas…”

Nach bhfuil rud ar bith eile níos cruthaithí le rá againn?

Nach féidir stocaireacht a dhéanamh gan a bheith ag damnú ar gach uile thaobh?

Osclaím Twitter uaireanta agus shílfeá go raibh seanmóir de chuid na hEaglaise ó 1950 á léamh agam.

Ní fheicim buntáiste ar bith le bheith ag gabháil dá leithéid.

Bhí mé i láthair i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anuraidh do Lá Mór na Gaeilge agus an Lá Dearg.

Chuir an méid a chonaic mé gliondar ar mo chroí: daoine óga, aghaidheanna péinteáilte, miongháirí agus dóchas.

Bhí mé le mo chailín agus le mo chairde, agus ní raibh cúis ghearáin ag duine ar bith againn.

Chonaic mé dearfacht nach bhfaca mé le fada, agus tógadh mo chroí.

naire-focal

Mar a tharlaíonn, an t-aon diúltachas a chonaic mé i mBéal Feirste ar an lá sin ná an grúpa beag dílseoirí a d’eagraigh ‘frithagóid’ inár n-éadan ar Ascaill Ríoga.

Daoine lán feirge, éadóchasacha a bhí iontu, agus is beag nach ndearna mé gáire nuair a chonaic mé iad.

Tá mé cinnte nach raibh mé liom féin sa chaoi sin.

Mar sin, má leanann muid orainn ag damnú linn, agus “Náire!” mar liú catha againn, cad chuige nach dtosódh daoine eile ag amharc ar Ghaeilgeoirí sa dóigh chéanna?

Níor cheart dúinn riamh géilleadh ar na bunphrionsabail atá againn.

Is mionlach muid, cinnte, ach ní hionann sin agus a rá nár cheart go bhfeicfí agus go gcluinfí muid.

Tá glúin úr de Ghaeil óga fuinniúla ag fás aníos san am i láthair atá lán dóchais agus spraoi, ach níl muid ach ag cur droch-chomaoin orthu le múineadh dóibh go gcuirtear Gaelachas chun cinn trí náire a chur ar dhaoine eile.

Is dóigh liom ag feadaíl in aghaidh na gaoithe ar an cheann seo.

Stadaimis den #Náire.

Bíodh #Bród orainn amach anseo.