No Béarla
Rogha réabhlóideach na scríbhneoirí mionteanga

Tá an seasamh ceannródaíoch a ghlac an scríbhneoir Céiniach, Ngugi wa Thiong’o, ar son a theangacha féin barrthábhachtach dúinne in Éirinn inniu. Míníonn Caitlín Nic Íomhair cén fáth.


Le foilsiú an leabhair spleodraigh ‘Decolonising the Mind’, d’fhág Ngugi wa Thiong’o, mórscríbhneoir de chuid na Céinia, slán ag an Bhéarla mar theanga chruthaitheach.

Is ina theangacha dúchais féin a scríobhfadh sé feasta, cé gur thug sé lánchead a shaothar a aistriú go mórtheangacha an domhain chomh maith.

Bhí sé le tuiscint nár dhiúltaigh Ngugi an Béarla a labhairt nó a léamh a thuilleadh, ach gur i gCiosvahailís (Kiswahili) agus i gCiocúis (Gikuyu) amháin a chumfadh sé a shaothar féin.

In alt a scríobh sé ar an ábhar, mhínigh an t-údar nár chinneadh pearsanta aeistéitiúil é ach seasamh polaitiúil, ar son mionteangacha, fuascailt intinne, agus streachailt frith-impiriúil.

D’amharc Ngugi ar chur chun cinn an Bhéarla mar ionsaí tomhaiste ar chultúr s’aige.

decolonisingthemind

Buama Cultúrtha

An dalta cumasach i gCéinia na linne, fuair sé a chuid oideachais trí Bhéarla agus faoi chultúr an Bhéarla: ba trí shúile na gcoilíneach a d’fhoghlaim an stócach óg Céiniach faoi chultúr na hAfraice.

‘Buama cultúrtha’ a thug Ngugi air seo – an slad ba thábhachtaí agus ab fhoréigní dar ndearnadh ar mhuintir na tíre sin, nó b’ionann cultúr an Bhéarla a bhrú orthu agus beag is fiú a dhéanamh de shaoldearcadh agus d’fhéiniúlacht s’acu féin.

De réir a chéile, briseadh féinmhuinín an phobail agus cothaíodh scoilteanna eatarthu idir uaisle (Béarlóirí) agus cosmhuintir.

Ní toradh ar an choilíneachas é dul chun cinn an Bhéarla agus cúlú an chultúir dhúchasaigh ach cuid lárnach de; bhraith Ngugi gurbh éigean diúltú do ghreim na teanga sin le meon an choilíneachais a ruaigeadh as a inchinn féin.

Níor glacadh go ró-réidh le seasamh Ngugi.

Cuireadh ina leith é gur dúchasóir (nativist) cúng-aigeanta a bhí ann agus é ag brath ar eisint éigin eitneach nárbh ann di.

Dúradh gur ag cúlú ón domhan mór a bhí sé, seachas ag tapú na deise a bhí aige a chultúr a léiriú dó.

Bhí scríbhneoirí eile de chuid na hAfraice ag dul i muinín na mórtheangacha coilíneacha, á múnlú agus á sealbhú le dóchas go ndéanfaidís teanga úr díobh, canúint a bheadh éagsúil ón bhunteanga ach intuigthe do phobal a labhartha.

D’amharctaí ar an Bhéarla mar uirlis fhóinteach a thug le chéile na céadta grúpaí Afracacha faoi aon teanga, agus a lig dóibh cumarsáid a dhéanamh leis an domhan mór ar aon bhonn.

Níorbh ar an Bhéarla locht an choilíneachais, agus d’fhéadfaí teanga Afracach a dhéanamh de ach é a bheith snoite i gceart – teanga a bheadh in ann “meáchan m’eispéireais Afracaigh a iompair” i bhfocail chlúiteacha Chinua Achebe.

buama-culturtha

Ceist Idirináisiúnta

Ar ndóigh, ní bhaineann an díospóireacht seo leis an Afraic amháin, go háirithe inniu agus meath na mionteangacha ina údar práinneach imní.

Is bocht an seans atá ag mionteangacha forbairt nó nua-aoisiú má scríobhann lucht a labhartha i mórtheanga, nó má ghlactar leis gur feiliúnaí mórtheangacha i réimsí áirithe den saol (fearacht an léinn nó na n-ealaíon).

Ní bhíonn sé i gcónaí éasca ná fiú éifeachtach cúrsaí nua-aimseartha a phlé i mionteanga, áfach, mar a léiríodh domh deich mbomaite ó shin agus mé ag cuardach an fhocail Ghaeilge ar Kiswahili agus a fhios agam nach mbeadh an focal sin ag formhór mo léitheoirí.

Níl a fhios agam i gcónaí cé acu is fearr, focal eachtrannach inaitheanta nó Gaeilge dhoiléir.

Cá háit is cóir stad leis an Bhéarla?

Cathain a rachaidh muid i muinín ár dteanga mar uirlis chumarsáide nua-aimseartha, murach anois agus anseo i measc cairde?

Is faoi gach scríbhneoir a chinneadh féin a dhéanamh ar an cheist sin, agus tá scríbhneoirí mionteanga ag dul i ngleic léi ar bhealaí cruthaitheacha le fada an lá.

Níl le déanamh agat ach amharc ar leathanaigh NÓS le réitigh éagsúla a fheiceáil, nó súil a chaitheamh ar ár gcuid litríochta féin.

harnett

Filí Gaeilge

Spreag seasamh Ngugi file tábhachtach de chuid na tíre seo, Michael Hartnett, (thuas), chun a ‘farewell to English’ féin, mar shampla, agus diúltaíonn an file fíorchumasach comhaimseartha, Biddy Jenkinson, a saothar a aistriú go Béarla in Éirinn.

Tuigeann an scríbhneoir daingean mionteanga nach bhfuil an cháil agus an t-éileamh céanna i ndán dá s(h)aothar, faoi mar a thuig scríbhneoirí cumasacha-ach-neamhaitheanta mionteanga riamh anall é.

Réiteach eile ar an fhadhb ná an t-aistriúchán, atá tar éis dul i bhfeidhm go mór ar fhilíocht na Gaeilge mar bhun- agus mar sprioctheanga araon, agus í aitheanta mar láthair bhisiúil mhalartaithe.

Tá saibhreas dochreidte tugtha isteach sa teanga ar an dóigh sin, ach ní rud neamhurchóideach amach is amach é an t-aistriúchán má thugann sé le fios gur féidir le dornán mórtheangacha saibhreas cultúrtha an domhain a iompar fad is atá mionteangacha ag meath faoina scáth.

Agus an ghluaiseacht frith-dhomhandaithe ar an dé deiridh, cá bhfios nach fíor do Ngugi, Jenkinson agus Hartnett gur láthair í an scríbhneoireacht leis an fhód a sheasamh?

Cá bhfios nach fíor fós focal scoir spleodrach Hartnett: “poets with progress make no peace or pact / the act of poetry is a rebel act”.

  • Diarmaid Ua Bruadair

    Bhí mé ag oíche filíochta ar na mallaibh agus léigh bean amháin dán aistrithe ón Phoirtingéilis – cé nach duine iontach fileata mé tá Poirtingéilis agam agus ba shoiléir gur leagan “dubh agus bán” de dhán “daite” a bhí san aistriúchán! Ní dóigh liom gur féidir filíocht a aistriú- tá sé deacair go leor agamsa ciall a bhaint as sa bhun teanga in amanna!

  • Máirtín Ó Muilleoir

    Bhí comhrá rphoist agam le Ngugi cúpla bliain ó shin, suim mhór aige in Éirinn agus tuiscint aige ar na cosúlachtaí idir ár gcuid scéaltaí, go háirithe maidir le himtheorannú de. Níor éirigh liom é a mhealladh go Béal Feirste ach tiocfaidh an lá sin fosta!

    • Tá súil agam é! Ba bhreá liom tuilleadh a chloisteáil uaidh faoi litríocht agus béaloideas s’acu. Thiocfadh leis a bheith ina chainteoir ag an Fhéile, seans.