Ó Dhoire go Doha!
60+ grúpa páirteach i ndúshlán comhrá Gaeilge

Cuireadh tús ar maidin le Comhrá ’17, an churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge leanúnach is faide riamh.

Dúshlán é seo ina nglacann grúpaí éagsúla ar fud na cruinne páirt i gcomhrá ar feadh seachtaine agus déantar an plé ar fad a shruthú ar líne ar snag.ie.

Tá an t-imeacht mór á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar bhonn bliantúil ó 2013 agus anuraidh baineadh curiarracht amach le comhrá a mhair 170 uair an chloig.

Tá sé de sprioc acu an líon ama sin a shárú i mbliana le 171 uair an chloig cainte.

“Tá cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, ciorcail chomhrá, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, agus go leor grúpaí pobail eile ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo,” arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge.

I measc na ndreamanna thar sáile atá ag glacadh páirte i mbliana, tá Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal i gCalifornia, An Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras agus Gaeilgeoirí Doha i gCatar.”

Breis is 60 grúpa a bheas rannpháirteach idir seo agus an Luan seo chugainn agus tá mír nua sa sceideal i mbliana chomh maith – ‘Comhrá TV’ a bheas ag craoladh beo ar snag.ie ag 12.00in gach lá Luan go hAoine ó ionaid éagsúla ar nós RTÉ Digiteach, seit Ros na Rún, an chomhdháil óige Zeminar agus Ceanncheathrú TG4.

Is féidir an chraic ar fad a leanúint ar Twitter tríd an haischlib #Comhrá17 agus tá spásanna fós ar fáil fiú do ghrúpaí ar suim leo páirt a ghlacadh – tuilleadh eolais ar snag.ie/comhra.

  • Gaeltacht sur Seine

    Achan duine i bPáras ag súil go mór leis..

  • tuigim

    Déanta agus d’éirigh linn!
    Bua don teanga.
    Comhghairdeas ♥