Polasaí don Oideachas Gaeltachta: polasaí lochtach lagbhríoch


Tá an Ghaeltacht faoi bhrú mór.

Gach seans go bhfuil an Ghaeilge chun bás a fháil mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura nglactar gníomhartha radacacha.

Tháinig Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 amach ó dheas roinnt míonna ó shin.

Bhí daoine á mholadh go hard na spéire.

Caithfidh go raibh sé an-radacach go deo mar sin, a deir tú.

Bhuel ní hea in aon chor.

Córas lochtach lagbhríoch atá ann.

Ar an gcéad dul síos córas roghnach atá ann.

Opt in agus an Ghaeltacht ag titim as a céile?

Cén fáth gur cuireadh fáilte roimh chóras seo an roghnachais?

Grúpaí a bhíonn síoraí ag gearán faoi easpa seirbhísí agus míle rud eile, d’fháiltigh siad go croíúil roimhe.

Dúirt Conradh na Gaeilge, mar shampla, “Molann muid Polasaí Oideachas Gaeltachta an Rialtais go mór. Tá an polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach”.

Anois, seans go bhfuil an córas níos fearr ná an seanchóras.

Ach ní bheadh sé sin ródheacair, córas inar thiontaigh an t-uafás scoileanna ar an mBéarla scun scan gan gíog ná miog as an stát atá in ainm a bheith ag cur an Ghaeilge chun cinn.

Ligeann an polasaí nua do scoileanna stádas scoileanna Gaeltachta a bhaint amach.

Tá go maith.

Ach ligeann sé dóibh gan a leithéid a dhéanamh chomh maith céanna.

Ná habradh éinne go bhfuil sé uaillmhianach!

Seo córas an náisiúin atá briste ag an iarchóilíneachas.

Córas a ligeann do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil roghnú a bheith ina scoileanna a fheidhmíonn go hiomlán trí Bhéarla!

Samhlaigh an tionchar a bhíonn ag scoil mhaith ar cheantar ó thaobh iompar teanga de.

Nárbh fhearr i bhfad go gcuirfeadh an stát roimhe na scoileanna ar fad sa Ghaeltacht a athrú ina nGaelscoileanna?

Seans go mbeadh ort scata príomhoidí spreagúla a oiliúint, daoine as an áit nó daoine a mbeadh Gaeilge den scoth acu.

Dá ndéarfadh an stát amach os ard é táim cinnte go spreagfadh sé dream uaillmhianach le hé a dhéanamh.

Mura mbeadh mórán spéise ann d’fhéadfaí breis airgid a thabhairt.

Mheallfadh €10,000 breise an duine dream cumasach, dá mba ghá.

Seans go mbeadh roinnt ina choinne seo ach d’fhéadfaí an móramh mór a shásamh le tuilleadh acmhainní do na scoileanna Gaeilge, amhail cóiríocht nua nó eile.

Rachainn féin níos faide ná an méid seo agus d’athróinn gach scoil timpeall ar na Gaeltachtaí ina nGaelscoileanna chomh maith, mar a bheadh crios maolánach nó buffer zone ann.

Le lucht na ngearán a shásamh d’fhéadfaí rochtain ar Ghalloideachas a sholáthar sna háiteanna seo taobh amuigh den Ghaeltacht.

Níl ach isteach nó amach le 120 bunscoil agus 30 meánscoil sa Ghaeltacht.

Ní mór an méid é.

Mar sin ní deacair an fhadhb a leigheas.

Ghlacfadh sé airgead (atá an-bheag i gcomhthéacs an stáit agus pholasaithe Gaeilge) chomh maith le toilteanas áirithe ach b’fhusa é go mór ná go leor eile den mhéid atá pleanáilte ó thaobh na Gaeilge.

Ar chóir don stát a bheith ag tacú le hoideachas lán-Bhéarla sa Ghaeltacht in aon chor?

Ní shílim é, agus ní shílim go bhfuil aon rud radacach sa mhéid sin.

Cén fáth gur chuir gach éinne fáilte mhór roimh chóras uisciúil nuair is gníomhartha radacacha a theastaíonn?

An pobal a bheith briste ar fad ar fad?

Murab ionann agus roinnt aithním go bhfuil ról teoranta go leor ag an stát.

Tá an-chuid gnéithe den saol nach féidir leis an stát tionchar a imirt orthu.

Ainneoin sin, ceann de na réimsí teanga ar féidir leis an stát an-tionchar a bheith aige ná an t-oideachas.

Cé go lochtaítear an Gaeloideachas go minic éiríonn leis líofacht a thabhairt do gach duine a théann tríd nach mór.

Agus tú ag caint ar phobail Ghaeltachta agus ar mhúinteoirí le Gaeilge mhaith bheifeá ag súil leis go n-éireodh i bhfad níos fearr leis.

Dá gcinnteofaí go raibh gach scoil sa Ghaeltacht ina scoil lán-Ghaeilge bhríomhar spreagúil (rud is indéanta go mór ná fadhbanna polaitiúla iomadúla is eile atá romhainn) bheadh tuar dóchais ann do Ghaeil cheana.

Má shíleann daoine go bhfuil an córas reatha ‘uaillmhianach’, cá hionadh go bhfuil an Ghaeilge ag imeacht as go tréan?

  • Pádraig Ó hAiniféin

    Aontaíom go hiomlán leat, ach go háirithe ó thaobh na buffer zones. Alt iontach.

  • Brendan Keane

    Má bheadh Gaelscoileanna ar éileamh ann, bheadh éileamh ar na Gaeltachta a cleachtadh. Tá an cúis Gaelatchta an ceart na pháistí ar gach Éirinnigh a rogha an phríomh-teanga ar scoil. Má rogha an scoil ann, bheadh 300,000 nua-Gaeilgóirí ag jabbering i nGaeilge gach lá i 6 bliain. Gaelify na bally ag lorg ar forbairt an cuairteoir freisin. Tá facteur exotique leis an teanga ins an teascóg cuairteoir.