Réalta YouTube Bernard Casey
ag gabháil don triail chluastuisceana!

An bhfaca sibh an físeán greannmhar seo atá déanta ag Bernard Casey agus é ag déanamh aithrise ar thriail chluastuisceana Ghaeilge na hArdteiste?

D’uaslódáil an fuirseoir óg, arb as Ciarraí theas ó dhúchas dó, an físeán ar a leathanach Facebook aréir, a fhad is a bhí daltaí Ardteiste na tíre ag ullmhú do na scrúduithe.

Amharcadh ar an fhíseán breis agus 500K uair go dtí seo – agus thuigfeá cén fáth ach súil a chaitheamh air.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Bernard nach raibh súil ar bith aige leis an tóir atá ar an fhíseán.

“Is minic a chuirim an mhír chéanna i láthair beo ag féilte grinn agus gigeanna agus téann sé i gcion ar an lucht féachana i gcónaí,” ar sé.

Ó thaobh buillí de, dúirt Bernard gurb é an físeán is mó rath é atá déanta aige.

“Phioc mé am iontach feiliúnach lena leithéid d’ábhar a chur in airde, ceapaim, agus na scrúduithe faoi lán seoil.”

Léiriú an-réalaíoch go deo atá déanta ag Bernard ar an triail chluastuisceana.

Anuas ar scoth na haithrise ó thaobh na dtreoracha, na bhfuaimeanna agus na scripte de, baineann an chuid is greannmhaire leis na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí canúint Uladh a thuigbheáil.

Ar luas lasrach a chuirtear an mhír i nGaeilge Uladh i láthair agus é go hiomlán gan bhrí gan chiall ar deireadh.

“Mar dhaltaí ar scoil i gCiarraí, bhíomar i gcónaí ag tabhairt suntais de na fuaimeanna agus focail éagsúla a bhí i gcanúint Dhún na nGall.

“Má smaoiníonn tú faoi, tá an dá chontae ar na pointí is faide óna chéile, agus deir siad rudaí ar a mhalairt slí,” arsa Bernard.

Ní seo an chéad fhíseán le Bernard atá i ndiaidh mearscaipeadh, ná baol air.

Tá Bernard ag saothrú i ngort na haisteoireachta ó bhain sé céim amach ó Scoil Aisteoireachta Gaeity in 2015.

Fuirseoir agus fear mór aithrise é fosta a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige i bhféilte grinn anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, Toilet Duck Award @ TedFest 2016 ina measc.

Maith an fear, a Bernard.

Tá muid ag súil le tuilleadh físeán i nGaeilge uait agus le tú a fheiceáil ar ardán GaelGÁIRÍ amach anseo!

Idir an dá linn, breathnaigh ar an fhíseán seo thíos agus é ag déanamh aithrise ar imreoir atá ar bheagán Gaeilge in agallamh iarchluiche ar TG4.


Bíonn Bernard ag an chlub grinn i gCill Airne gach oíche Dé Domhnaigh ag a 9in, thuas staighre i dteach tábhairne Teddy O’Connor, An tSráid Ard, Cill Airne, Ciarraí.
Tuilleadh eolais anseo.