Saibhreas i mbaol:
Feachtas ar son logainmneacha na Briotáine

“I dtimpeallacht ina bhfuil níos lú agus níos lú cainteoirí ag an Bhriotáinis agus ag an Ghallóis, is seasamh in aghaidh chliseadh na dteangacha iad ár logainmneacha áitiúla.”

Sin an argóint atá á cur chun tosaigh ag cónaidhm na n-eagras cultúrtha sa Bhriotáin, Kevre Breizh, agus iad i mbun feachtas nua chun oidreacht logainmneacha na tíre a shábháil.

Is ón Bhriotáinis a shíolraíonn tromlach na logainmneacha sa tír, cé nach mbíonn ach na leaganacha truaillithe Fraincíse in úsáid go hoifigiúil in ionad na mbunleaganacha Briotáinise.

In oirthear na Briotáine tá dúchas Gallóise – teanga réigiúnach Rómánsach atá gaolta leis an Fhraincís – ag cuid mhór de na logainmneacha, cé nach n-aithnítear seo go minic ar chomharthaí an cheantair ach an oiread.

Ba mhian le Kevre Breizh saibhreas dinnseanchais na Briotáine a chaomhnú agus tá siad ag iarraidh ar gach comhairle sa tír liosta cuimsitheach a dhéanamh de gach logainm sula mbíonn sé rómhall.

“Insíonn an dinnseachas scéal na dúiche dúinn, na teangacha a bhaineann léi agus na daoine a chónaigh inti,” arsa Alan Ar Gal, a chuir eagar ar an leabhrán trítheangach a bhaineann leis an fheachtas.

“Tugann sé eolas dúinn faoin fhásra, faoi eagrú sóisialta agus polaitiúil na dúiche, faoi eagrú na bparóistí, faoin stair agus faoi imirce.”

Tá teagmháil déanta ag Kevre Breizh le comhairlí baile na Briotáine – 1,466 san iomlán – ag impí orthu taifead a dhéanamh de mhion-logainmneacha áitiúla sula gcailltear an buneolas a bhaineann le cuid acu.

Ba mhaith leis an eagras chomh maith aird a tharraingt ar an tionchar atá ag an uirbiú ar úsáid ainmneacha.

“Is minic a thugtar ainmneacha nach bhfuil aon bhaint acu leis an cheantar áitiúil ar fhorbairtí nua tithíochta,” arsa Alan.

“Éanacha, bláthanna agus crainn nach raibh sa tír seo riamh.”

Tá roinnt comhairlí ag aithint na faillí seo anois, dar leis, agus iad ag tarraingt ar an dinnseachas áitiúil mar chuid de phróiseas ainmnithe na bhforbairtí nua ina limistéir ach tá tuilleadh oibre le déanamh fós.

Faoi láthair níl aon bhunachar cuimsitheach logainmneacha, ar nós logainm.ie, ag an Bhriotáin.

Ó sheol Fiontar agus Scoil na Gaeilge (DCU) an suíomh i gcomhar leis an Bhrainse Logainmneacha (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) sa bhliain 2008 tá an leagan ceart Gaeilge de 61,172 baile fearainn ar fud na hÉireann curtha ar fáil, mar aon leis na mílte logainm eile, agus tuilleadh á chur leis i rith an ama.