“Sé, sí, siad… sian?”
An bhfuil forainm inscne-neodrach de dhíth sa Ghaeilge?

Tá forainmneacha pearsanta nuachumtha nach dtagraíonn d’aon inscne faoi leith in úsáid i dteangacha eile. Fiafraíonn Eagarthóir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, an bhfuil sé in am dúinn a leithéid d’fhocal a chumadh don Ghaeilge…


Ar na buanna is mó atá ag teanga ar bith tá a solúbacht, a so-athraitheacht, a hinoiriúnaitheacht.

Cinnte, tá daoine áirithe ann arbh fhearr leo go mbeadh teanga, a stór focal agus a comhréir reoite in am aduain ársa íon, ach ní mar sin a oibríonn an fíorshaol.

De réir mar a athraíonn an domhan thart orainn, athraíonn an meán agus an modh atá againn le cur síos a dhéanamh ar an domhan céanna.

Uaireanta ní thugann muid na hathruithe seo faoi deara, uaireanta eile is athruithe comhfhiosacha iad a bhfuil smaointeoireacht, cúis agus gníomh taobh thiar díobh.

Is leis an dara cás sin a bhaineann teacht chun cinn na bhforainmneacha pearsanta nuachumtha atá neodrach ó thaobh inscne de.

Focail iad seo a ceapadh, d’aon turas, chun tagairt a dhéanamh do dhuine gan aon inscne bheith luaite leo.

Sa Bhéarla, mar shampla, tá ‘ze’ anois i measc na roghanna is coitianta a úsáidtear nuair nach mian le duine ‘he’ ná ‘she’ a scríobh ná a rá, agus tá roinnt ollscoileanna cheana féin ag ligean dá scoláirí clárú faoin fhorainmn pearsanta nua seo.

Tá fréamhacha an chleachtais le fáil i ngluaiseacht na neodrachta inscne agus sa tuiscint go bhfuil daoine ann nach sainmhíníonn iad féin mar fhear ná mar bhean, nó a bhfuil féiniúlacht acu nach mbaineann leis an chur síos traidisiúnta ar inscne.

Is í an tír ina bhfuil an fhorbairt is mó déanta ar an cheist seo ná an tSualainn, arb í an chéad tír ar domhan le forainm cumtha inscne-neodrach – ‘hen’ – a chur isteach i bhfoclóir Acadamh Náisiúnta Teanga na tíre.

Tháinig an focal chun cinn ar dtús sna 1960í ach níor aithníodh é go forleathan taobh amuigh den dioscúrsa gníomhaíochais go dtí thart ar 10 mbliana ó shin.

Ansin in 2014 d’fhógair an Svenska Akademien go gcuirfí ‘hen’ isteach sa chéad eisiúint eile dá fhoclóir oifigiúil agus anois feictear an focal in úsáid minic go leor sna meáin chumarsáide agus i measc sciar áirithe den aos óg.

Ar ndóigh, tá teangacha ann – an Fhionlainnis, cuir i gcás – nach gá aon tearmaíocht nua a chumadh dóibh mar nach bhfuil coincheap na hinscne ag baint lena bhforainmneacha.

Ní hamhlaidh an scéal le formhór na dteangacha san Eoraip, áfach, an Ghaeilge san áireamh.

Mar is eol dúinn, úsáideann muidne an forainm pearsanta ‘sé’ chun tagairt a dhéanamh d’fhear nó do rud éigin fireann, agus tá an focal ‘sí’ againn a thagraíonn do bhean nó do rud éigin baineann.

Cad a bheadh againn sa Ghaeilge, áfach, dá mba rud é go raibh forainm pearsanta nua, inscne-neodrach, le cumadh?

Tá an argóint ann go bhféadfaí an forainm iolra ‘siad’ a úsáid chun aon tagairt d’inscne a sheachaint ach dar le roinnt gníomhaithe ar son neodracht inscne nach réiteach sásúil é seo.

Agus mé ag plé na bhféidearthachtaí éagsúla le cairde ar na mallaibh, tháinig leithéidí ‘sá’ agus ‘sian’ chun cinn mar mhalairt ar ‘sé’/’sí’ agus ‘á’ agus ‘ian’ in ionad ‘é’/’í’.

Moltaí fánacha iad seo ach, agus feasacht i leith neodracht inscne ag fás i gcónaí, tá sé tábhachtach go gcoinníonn an Ghaeilge suas le tearmaíocht na ndíospóireachtaí idirnáisiúnta is déanaí agus go mbíonn ár bpobal cainteoirí in ann gach ceist a phlé inár dteanga féin.

Is fiú a rá fosta nach bhfuil comhaontú iomlán ann i dteangacha eile faoi cé acu leagan den fhorainm nua ba chóir a úsáid agus go bhfuiltear ann ar ndóigh atá go mór in amhras faoin ghá lena leithéid de théarma sa chéad dul síos.

Tá an comhrá tosaithe acu áfach, agus tá a dteangacha – agus a dtuiscint ar an saol – ag forbairt, ag bogadh agus leathnú dá réir.

Déanaimis amhlaidh.

  • Paorach

    Canathaobh nach mbeadh focal neodrach againn? Ní gá dúinn aithris lom a dhéanamh ar an mBéarla (.i. ‘siad’ a úsáid), áfach, ná focal a chumadh as an nua ach oireadh. D’fhéadfaimis úsáid a bhaint as stórfhocal ársa na teangan agus an forainm pearsanta neodrach (.i. ‘ed’) a chur chun oibre aríst.

  • PólÓ

    I mo thuairim, tá go leor cathanna níos tábhachtaí ann le dul i ngleic ar son na Gaeilge

    • Mar a scríobh tú, sin do thuairim. Is maith liom na tuairimí uilig a chloisteáil. Bíonn seans ar réiteach, nuair a roinntear tuairimí.

      • PólÓ

        Bhuel, tá ceart agam de ghnáth.