Seo an Pop Up Dearg!
Ullmhúcháin i mBF agus ar an Iúr don Lá Dearg féin

Beidh téama speisialta ag cúpla Pop Up Gaeltacht ó thuaidh Dé hAoine seo (5 Bealtaine) agus Gaeil áitiúla ag ullmhú i dtreo An Lá Dearg a bheas ar siúl i mBéal Feirste níos moille an mhí seo.

‘Pop Up Gaeltacht Dhearg’ atá á bhaisteadh ar an dá imeacht a thitfidh amach i dTí Uí Mhadáin i mBéal Feirste agus i mBeár an Iarnróid in Iúr Cinn Trá.

Tá clú an cheoil agus na Gaeilge ar an dá theach tábhairne agus, chomh maith le gnáth-spraoi an Pop Up, baileofar airgead ar an oíche chun cuidiú leis na hullmhúcháin don léirsiú mór ar son Acht Gaeilge don tuaisceart a bheas ar siúl cois cuain Dé Sathairn 20 Bealtaine.

“Tá coincheap an Pop Up ag fás agus forbairt gach mí agus Dé hAoine seo beidh muid ag teacht le chéile chun airgead a thiomsú don Lá Dearg,” arsa Naoise Ó Cairealláin, duine den lucht eagraithe.

“Is breá le daoine an Pop Up agus tá súil againn go mbeidh slua breá i láthair chun sult a bhaint as comhluadar a chéile agus chun bheith ag plé agus beartú don fheachtas dearg amach romhainn.

“Tá saorchead isteach ann ar ndóigh ach beidh crannchur againn ar an oíche le roinnt duaiseanna iontacha mar sin bígí linn!”

Tosaíonn an dá oíche ar 8in agus moltar do dhaoine éadaí dearga a chaitheamh.


Is féidir breis eolais a fháil faoin Lá Dearg anseo.

  • PólÓ

    An bhfuil an seoladh do Tí Uí Mhadáin i mBéal Feirste ar fáil?