Tá an fathach múscailte
Comhartha don todhchaí i mBéal Feirste Dearg

Cothrom an ama seo an tseachtain seo caite bhí sráideanna Bhéal Feirste ar tí bheith báite, ní ag cith beag liath mar a tharlaíonn anois is arís ach ag tonn mhór dhearg.

Ar fud na cathrach bhí tuismitheoirí agus páistí gléasta in éadaí dearga, bhí na bratacha réidh, bhí roinnt lámha – óga agus aosta – spréite go fóill le péint a gcuid póstaer agus bhí na céadta ag tarraingt ar an chathair cois cuain ar bhusanna agus i gcarranna ó áiteanna ar nós Bhaile Átha Cliath, Gaillimh agus bailte eile fud fad Uladh.

Agus an slua ag cruinniú le chéile ag ceanncheathrú phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, ba dheacair oibriú amach cá mhéad Gael a bhí i ndiaidh cinneadh a dhéanamh páirt a ghlacadh sa chéad mhórshiúl ar son Acht Gaeilge sa tuaisceart le trí bliana.

Má bhí imní ar aon duine roimh ré faoin tinreamh, d’imigh sé go gasta nuair a thosaigh grúpa i ndiaidh grúpa a shiúl amach ó na cúlsráideanna ina raibh siad bailithe.

Eagrais teanga, Gaelscoileanna, grúpaí óige, cumainn spóirt, páirtithe polaitiúla, teaghlaigh, ceoltóirí, múinteoirí, ealaíontóirí, seandaoine, déagóirí, babaithe, Éireannaigh, eachtrannaigh, peataí, Batman go fiú – cuireadh an glao amach agus d’fhreagair siad é le fonn, lena gcosa agus lena nglór.

Agus an tonn dhaonna sin ag gluaiseacht go réidh síos Bóthar na bhFál, isteach go Sráid an Chaisleáin agus ansin amach ar an Ascaill Ríoga faoi ghrian ghleoite an tSathairn, ba léir gurbh é seo an mórshiúl Gaeilge ba mhó riamh ó thuaidh, agus an ceann is mó sa tír ar fad ó shiúil na mílte i mBaile Átha Cliath ar son stádais dár dteanga san Aontas Eorpach siar in 2004.

Le linn do Chiarán Mac Giolla Bhéin agus ionadaithe eile ón Dream Dearg bheith ag labhairt go spreagúil taobh amuigh de Halla na Cathrach, ag tabhairt léargais ar an leithcheal a d’fhulaing Gaeil ó bunaíodh an stát tuaisceartach san fhoirgneamh ar a chúl beagnach 100 bliain roimhe agus fosta ag léiriú an dóchais agus na diongbháilteachta atá anois le mothú i measc an phobail chéanna, thuig muid uilig gur ócáid stairiúil é An Lá Dearg seo.

Ní bheadh sé caillte ach an oiread ar chuid mhór den 12,000 duine a bhí bailithe ansin i gCearnóg Dhún na nGall gur san áit cheannann chéanna sin, 30 bliain ó shin i mí na Samhna seo chugainn, a labhair Ian Paisley os comhair slua eile agus a d’fhógair nach mbeadh cothromas ag Éireannaigh ná ag Gaeil ó thuaidh, “choíche, choíche choíche”.

The times they are a changin’,” a dúradh go tráthúil ón ardán Dearg.

Gné eile den saol atá ag athrú ná an clúdach atá á fháil ag cúrsaí Gaeilge sna meáin, agus an tionchar atá anois ag feachtasaíocht na nGael ar na meáin phríomhshrutha Bhéarla ó thuaidh ach go háirithe.

10 mbliana ó shin i bhFeabhra 2007, nuair a reáchtáladh an chéad mhórshiúl ar son Achta i mBéal Feirste, ní dhearna an dá stáisiún áitiúla teilifíse, an BBC ná UTV, aon tagairt don chúpla míle duine a shiúil na sráideanna an lá sin.

Ceithre mhí ina dhiaidh sin, Satharn eile grianmhar ag tús mhí an Mheithimh, chuaigh an méid céanna chun bóthair arís.

An uair seo chlúdaigh an BBC an léirsiú ar a suíomh idirlín ach ní dhearna siad aon iarracht figiúr a lua le líon na ndaoine a bhí i láthair.

Bhí alt píosa beag níos suntasaí ag an BBC faoin Lá Dearg a eagraíodh in 2014 nuair a shiúil slua breá glórach eile chuig Cearnóg Theach an Chustaim i lár Bhéal Feirste ach arís níor luaigh siad aon uimhir.

Ba mhór an difear a bhí le sonrú an babhta seo mar sin nuair a bhí an figiúr 10,000 le feiceáil ar shuíomh nuachta an chraoltóra ag pointe amháin thar an deireadh seachtaine, cé gur athraíodh é go 5,000 tamall ina dhiaidh.

Ar ndóigh, chuir cinntí agus ráitis bhiogóideacha pholaiteoirí an DUP i gcoinne na teanga agus a cuid cainteoirí an lasair sa bharrach le sé mhí anuas agus spreagadh suim na meán sa cheist dá réir.

Ach tá sé tábhachtach a rá chomh maith nach mbeadh an Ghaeilge ag barr na gceannlínte nuachta, ná i lár an dioscúrsa pholaitiúil ó thuaidh mar atá faoi láthair, gan pobal Gaeilge na sé chontae bheith eagraithe, tiomanta agus i mbun gnímh mar nach raibh le mo chuimhne.

Éacht a bhí ann breis agus 12,000 duine ó réimse leathan den phobal a mhealladh amach ar na sráideanna agus tá moladh agus meas mór tuillte ag gach duine a ghlac páirt sa lá mór agus a bhí bainteach lena eagrú.

Is Gaeil óga iad na gníomhaithe seo den mhórchuid – 35 aois na beirte is sine a labhair ag an Lá Dearg Dé Sathairn, gan ainmneacha ar bith a lua! – agus leis an chumas agus leis an eagrúchán atá léirithe ag baill an Dream Dearg agus a bpobal tacaíochta go dtí seo, is scéal cinnte é nach stadfaidh an ghlúin nua mhuiníneach seo go dtí go mbíonn aitheantas oifigiúil bainte amach ag teanga dhúchais na hÉireann i ngach cuid dár dtír agus go dtí go mbíonn cearta, cothromas agus cóir faighte faoi dheireadh ag pobal a labhartha.

Trí bliana ó shin, roimh an chéad Lá Dearg i mBaile Átha Cliath, scríobh mé alt anseo ar NÓS dar teideal ‘Fathach á Mhúscailt’.

Bhuel, i bhfianaise mhórshiúl dearfach stairiúil na seachtaine seo caite, níl amhras ar bith ann go bhfuil an fathach sin anois múscailte.

Tá sé fúinne uilig é a choinneáil ina dhúiseacht.