Tá Róisín Wilson Gallda sínte fén gcréafóg – tá an Liamach Gaelach i measc a muintire arís
an chúis gur athraigh mé mo shloinne

De réir an tseanchais, bhronn an tArdeaspag Nebrija leabhar beag gramadaí ar Bhanríon Isabella na Spáinne sa bhliain 1492 agus ré an choilíneachais fé lán an tseoil. Ar bhronnadh na cáipéise seo di, bhí rud beag mearbhaill ar an mBanríon, agus d’fhiafraigh sí den fhear céanna canathaobh gur thug sé di í. “Is uirlis impireachta den scoth í teanga”, a bhí mar fhreagra aige, agus imbriathar nárbh fhíor dó.

 B’amhlaidh an scéal i gcás na hÉireann, gan dabht. Deineadh slad go straitéiseach ar ár dteanga dhúchais thar na blianta, rud a d’fhág gur baineadh ár nglór is ár gcearta féin-ionadaíochta dínn. Stoitheadh agus dífhréamhaíodh an saol Fódlach óna chultúr is ó theanga an phobail. Plúchadh ár n-anam Gaelach fad is a bhí teanga na cumhachta — an Béarla — á síorstealladh mórthimpeall orainn, agus féach gur fágadh sinn i mbaol a bheith chomh Gallda le piarda Sasanaigh anall ó chathair London. 

Seo an toradh a bhíonn ar phróiseas foréigneach fíochmhar an choilínithe – agus tá sé fós i réim in Éirinn inniu. 

Is fíor ná fuil balcairí saighdiúirí Sasanacha ag siúl go mustrach agus gunnaí ina mbaclainn acu ar fuaid na tíre a thuilleadh, ach tá ansmacht na nGall fós feiceálach inár dteanga laethúil — is é sin le rá, sna hainmneacha, sna sloinnte agus sna logainmneacha, iad Galldaithe lena gcur in oiriúint do chluas an Bhéarlóra, agus dar fia go bhfuil sé chomh holc céanna le buille de dhorn ó scriosúnach Sasanach nó ná scréach a ngunnaí. 

Cuireadh an ruaig ar an rialtóir Sasanach go fisiciúil sna 26 Contae (agus cuirfear sna Sé Chontae sara fada leis, le cúnamh Dé), ach tá an chuid is dúshlánaí agus is deacra den chath fós romhainn amach ó thuaidh is ó dheas: ní mór dúinn fós ár n-intinn a dhíchoilíniú. 

B’shin an chúis gur thugas fé mo shloinne féin a athrú ar mo phas go dtí an leagan Gaelainne le déanaí.

Wilson a bhí mar shloinne orm go hoifigiúil nó gur chuireas isteach ar phas nódh. Sloinne, gan dabht, a bhfuil rian na nGall agus na lonnaitheoirí go tréan air. Gineadh ó stair an choilínithe thíoránta é, agus is dealraitheach go bhfuil tábhacht shiombalach ag baint leis i gcomhthéacs fhoréigean an leatroim. 

Comhartha géillte a bheadh ann, mar sin, dá gcoimeádfainn é, agus dá gcuirfinn mé féin in aithne mar ‘Róisín Wilson’, Gael ar tinneall agus í sáinnithe istigh i slabhraí dobhriste an choilíneachais; a haigne, a teanga, agus a féiniúlacht fós fé smacht an tSasanaigh. 

Ar chloisint an tsloinne Ghallda dom, tá macallaí na ngunnaí móra fós le clos, tá torann is pian striall an bhata scóir thútaigh fós le braistint, agus tá boladh púdair gunna fós á shíothlú istigh i mo chaincín.

Coimeádann ár sloinnte Gallda struchtúir dhochta an choilíneachais i bhfeidhm, agus deimhníonn go bhfuil an nua-choilíneachas fós ar marthain in Éirinn sa bhliain 2020. Céim bheag is ea an t-athrú sloinnte, b’fhéidir, ach céim chun tosaigh is ea é mar sin féin, céim a chabhraíonn linn an fear maith a fháilt ar an gcoilíniú teangeolaíochta is cultúrtha i gcath an dhíchoilínithe. 

Cé gur rugadh Róisín Nic Liam i gcroílár chathair Chorcaí, agus cé gur ann a chuirim fúm i gcónaí, is i nGaeltacht intinne a mhairim féin agus a mhaireann mo chroí le ceart. Fuineadh agus fáisceadh an Gael so i scoil lánGhaeilge i lár na cathrach, mar a raibh ár dteanga dhúchais agus ceol dúchais na nGael á stealladh mórthimpeall uirthi agus í i Márta a trí na haon lá. 

Is a bhuí leis an nGaelscolaíocht a cuireadh an tÉireannach mná so ar bhóthar a leasa, agus ráinigh gur deineadh Gael críochnaithe di ar laethanta a cuid oibre thiar i gCorca Dhuibhne. Tá Róisín Nic Liam slánaithe agus saortha ó ionsaí intinne na nGall, óir go gcloiseann sí macalla leithéidí an Phiarsaigh, Bobby Sands, agus glór Gael eile an lae inniu, na haon uair a chloiseann sí Nic Liam mar ainm uirthi seachas Wilson. 

Stracaire mná le neart is le brí is ea í, lán spride agus bróid, fad is atá Róisín Wilson gallda, a bhí fé thionchar mheabhrach na Sasanach, sínte fén gcréafóg. Tá an Liamach mná so age baile i measc a muintire aríst, i bhfochair na nGael eile ar fuaid na tíre, daoine a dhéanann gaiscí seoigh sa réabhlóid teangan ó thuaidh is ó dheas, thoir agus thiar seacht lá na seachtaine. 

Tá oidhreacht an choilínithe ar fáil inár n-ainm is inár n-anam i gcónaí. Ní spéis liom a bheith ag seanmóireacht ná ag síofróireacht, mar tuigimid ar fad mar Ghaeil gur cuireadh an dubh ina gheal orainn nuair a dúradh linn gur comhartha barbarthachta brúidiúlachta í ár dteanga dhúchais féin. 

Ná ligimis do sprioc nimhneach an choilíneachais an dallamullóg a chur orainn a thuilleadh maidir lenár sloinnte, áfach: deinimis ar fad athGhaelú orthu. 

“What’s in a name? That which we call a rose by any other name would smell as sweet” a dúirt an scríbhneoir Béarla Shakespeare tráth, agus creidtear go forleathan an tuiscint seo fós. 

Deinimis neamhaird dena leithéid de thruflais. Ní nithe neafaiseacha gan tábhacht iad ar chor ar bith — má tá cruthúnas follasach ag teastáil uainn de seo, cuimhnímis ar an tinneas a bhíonn orainn mar Ghaeil na haon uair a theipeann ar leithéidí Aer Lingus, Iarnród Éireann agus go deimhin an stát féin ár n-ainm, ár sloinne is ár seoladh a scrígh i gceart.

Cuimhnímis gur eochair dár n-oidhreacht iad ár n-ainm, gur nasc le sliocht ár sinsear é, gur comhartha féiniúlachta é. Cuimhnímis thar aon rud eile, áfach, ar an ngéarghá le hathghabháil a dhéanamh ar ár sloinnte dúchais, a iompraíonn scéalta saibhre na staire leo na haon lá beo. 

Tá an cath i gcoilíneacht na hintinne i bhfad Éireann níos deacra dar leis an Ollamh clúiteach ar an díchoilíneachas Ngũgĩ wa Thiong’o (agus saineolaithe eile nach é), ach fúinn féin atá an cinneadh anois.

“Má tá na Gaeil imithe, caillte, básaithe, is mar gheall orainne féin go bhfuil sé fíor” a mhaíonn an t-amhránaí Méabh Ní Bheaglaoich san amhrán álainn spreagúil ‘Amhrán na nGael’.  Athraímis ár n-ainm is ár sloinne mar sin, léifimis leabhair Ghaelainne, labhraímis ár dteanga bheo, agus díchoilínímis ár n-intinn.