Titim bheag ar úsáid na Bascaise
Ach dóchas fós le brath sna figiúirí

Níorbh í an Ghaeilge an t-aon teanga mhionlaithe san Eoraip ar tháinig laghdú áirithe ar a húsáid le dornán blianta anuas.

Léiríonn an staidéar cuimsitheach is déanaí ó Thír na mBascach gur thit céatadán na ndaoine a labhraíonn an Bhascais ‘ar an tsráid’ ó 13.2% in 2011 go 12.6% in 2016.

Rinne an t-eagras sochtheangeolaíoch Soziolinguistika Klusterra an taighde allamuigh trí agallaimh phearsanta a chur ar na céadta míle rannpháirtí ar fud Thír na mBascach.

De réir fhigiúirí oifigiúla na n-údarás áitiúil i ngach cúige sa tír ó 2011 go bhfuil an Bhascais ag 27% den daonra iomlán, is é sin thart ar 715,000 duine, a bhformhór mór acu sin i ndeisceart Thír na mBascach (an chuid i stát na Spáinne).

Tugann staidéar seo Soziolinguistika Klusterra le fios áfach gur líon níos lú ná sin a bhaineann úsáid as Euskara ar bhonn sóisialta (nó go nádúrtha amuigh ar an tsráid), agus go bhfuil éagsúlacht mhór le brath ó cheantar go ceantar.

Is é cúige Gipuzkoa, mar shampla, an áit is mó a labhraítear an teanga i gcomhráite ‘sráide’ (31.1%), cé gur tháinig titim bheag (1.5%) ar an chéatadán sin le cúig bliana anuas.

Is é Bizkaia – cúige Bilbo – atá sa dara háit (8.8%) agus ansin Nafarroa, an áit a bhfuil Pamplona/Iruña, sa tríú háit (6.7%).

Tá Iparralde – nó Tuaiseacht Thír na mBascach, an chuid atá i stát na Fraince – ag 5.3% agus an cúige beag Araba/Álava ag 4.6%.

Ar an dea-scéal, léiríonn na céadatáin seo ó Araba/Álava agus Nafarroa gur mhéadaigh úsáid nádúrtha sráide na Bascaise sa dá dhúiche sin araon ó bhí 2011 ann.

Ó thaobh na gcathracha de, is í Donostia/San Sebastián ‘príomhchathair’ na teanga, áit a bhfuil úsáid na Bascaise seasta ag 15.2%.

Is scéal eile é áfach i gcás Bilbo, an chathair is mó sa tír, ina bhfuil úsáid sráide na Bascaise tite go 2.5% den daonra.

In ainneoin an laghdaithe de 0.6% ar labhairt shóisialta na Bascaise ar fud na tíre, tá an teanga fós láidir i measc sciar suntasach den phobal agus tá leibhéal úsáide níos airde ag páistí agus ag daoine óga ná mar atá ag seandaoine, fíric atá ag tabhairt ábhar dóchais do ghníomhaithe teanga don am atá le teacht.

Codarsnacht le hÉirinn

Ar ndóigh, tá an laghdú beag seo in Euskal Herria i gcodarsnacht shoiléir leis an titim 4.4% (síos go 73,804) a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i bPoblacht na hÉireann idir 2011 agus 2016.

11% an laghdú a bhí sna ceantair Ghaeltachta.

Is líon suntasach é seo atá ag déanamh imní do mhuintir na teanga sna croíthailte agus in ionaid uirbeacha araon.

Mar an gcéanna leis an Bhascais áfach, chuir Daonáireamh 2016 in iúl go bhfuil an Ghaeilge ag dul chun cinn seachas ag cúlú i gceantair áirithe – d’ardaigh líon na gcainteoirí laethúla i mBaile Átha Cliath le 5% sa tréimhse chéanna go 17,093.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil 23% de chainteoirí laethúla Gaeilge na Poblachta (beagnach duine as gach ceathrar) anois ina gcónaí sa Phríomhchathair.

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 ar bhonn contae. Léigh an t-alt anseo.