‘Uchtaigh’ comhartha bóthair!
Feachtas nua greamán sa Bhriotáin


Tá an grúpa gníomhaíochais Briotáinise, Ai’ta, cheana féin aitheanta mar gheall ar a gcuid feachtas samhlaíoch teanga, agus tá siad tar éis cur leis an liosta sin an tseachtain seo.

Is í an Fhraincís atá chun tosaigh go mór ar chomharthaí bóthair (seachas ainmneacha na mbailte srl.) sa Bhriotáin agus chun dul i ngleic leis an easpa Briotáinise atá le feiceáil ar shráideanna agus ar bhóthair na tíre, tá cur chuige nua tosaithe ag gníomhaithe Ai’ta.

‘Advabit ur Banell’, nó ‘Uachtaigh Comhartha’, is teideal don fheachtas a iarrann ar dhaoine freagracht a ghlacadh as comharthaí ina gcomharsanacht féin agus greamáin nua Bhriotáinise a chur in airde orthu.

Is ag díriú ar chomharthaí aonteangacha Fraincíse a deir ‘Cédez le Passage’, nó ‘Géill Slí’, ar dtús atá na Briontáiniseoirí agus tá greamáin ‘Lezit da Dremen’ ar díol acu le crochadh ina n-áit.

Thosaigh an gníomh sa bhaile Karaez (Carhaix) thar an deireadh seachtaine agus tá sé i gceist ag Ai’ta an feachtas a leathnú amach de réir a chéile.

“Tá dul chun cinn déanta le tamall anuas anseo in Karaez ó thaobh na Briotáinise de,” arsa gníomhaí amháin, “ach ní féidir linn glacadh leis nach bhfuil an Bhriotáinis le feiceáil ar an mhórchuid de chomharthaí na n-údarás.

“Is dá bharr sin a chuir muid tús le ‘Uachtaigh Comhartha Bóthair’ agus tá greamáin ‘Lezit da Dremen’ ar díol againn ionas go mbeidh daoine in ann comharthaí atá gar dá dtithe féin a athrú.”

Tá baol ann ar ndóigh go ngabhfar na gníomhaithe agus iad i mbun aicsin ach tá siad iomlán tiománta do chur chun cinn a dteanga ar bhonn prionsabail.

“Más féidir linn in Karaez é seo a dhéanamh, is féidir le grúpaí eile é a dhéanamh chomh maith.

“Ní ceist chostais í ach ceist tola.

“Más mian linn an Bhriontáinis a chothú tá sé riachtanach gur féidir le daoine an teanga a labhairt agus a léamh mar chuid dá saol laethúil ar chomharthaí na tíre.”

Tá macallaí feachtais de chuid Ghaeil na hÉireann le mothú i ngníomh seo Ai’ta.

Is iomaí feachtas greamán a bhí ann ar son na Gaeilge thar na blianta.

In 2007 phriontáil an grúpa rúnda Na Ceithearna Coille greamáin a chlúdaigh na mílte comhartha bóthair ar fud an tuaisceart, deisceart Uladh ach go háirithe.

Bhí idir ‘As Gaeilge Anois’ agus ainmneacha na mbailte féin scríofa ar na greamáin agus tá cuid acu le feiceáil go fóill.

antiur

Anuraidh chuir Gaeil greamáin ghreannmhara in airde i leithris fud fad na tíre agus tá ‘Saol Trí Ghaeilge atá Uainn’ greamaithe i neart áiteanna anois chomh maith.