60 Soicind le…
Sinéad Ní Uallacháin


Craoltóir, aisteoir, spéirbhean Chorca Dhuibhne is í Sinéad Ní Uallacháin agus í i gcathaoir na 60 soic an tseachtain seo. 

Tá Sinéad, banríon s’againne na siamsaíochta, ar dhuine de na réaltaí óga atá ainmnithe ar ghearrliosta na nGradam Cumarsáide i mbliana agus beidh sí le feiceáil sa dráma ‘Gan Imní‘ atá ag oscailt amárach sa Daingean mar chuid d’imeachtaí Fhéile na Bealtaine.

Labhair sí linn faoi laethanta a hóige ar bhicycle a hathar, faoi fhéile mhór Ravelóid atá ag greadadh linn, agus faoi bhuaicphointe a saoil go dtí seo… “a bheith sona sásta ionam féin”!


1. Cárb as duit?

Baile an Éanaigh álainn i gCorca Dhuibhne na Ríochta.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

Na radhairc, na daoine agus an cultúr.

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Thugas cuairt ar Nua-Eabhrac anuraidh agus thiteas i ngrá leis an áit. Chaitheas seachtain in Esopus le Daltaí na Gaeilge, agus seachtain sa chathair ina dhiaidh sin. Ní fada uaim mo chéad thuras eile ann – i mí Lúnasa na bliana seo. Táim ar bís ag cuimhneamh air.

4. Trí rud a thaitníonn leat faoi bheith ag obair le RnaG?

An fhoireann álainn a chuireann ag gáirí mé na haon lá beo; a bheith in ann 40 nóiméad a chur ar leataobh le héisteacht le ceol agus amhráin bhreátha ó Luan go hAoine; a bheith ag spalpadh Gaeilge ó mhoch maidine go deireadh an lae.

5. Cad é an rud i do vardrús is minice a chaitheann tú?

Gúna dubh a oireann d’ócáidí go leor – is féidir bróga reatha a chaitheamh leis, nó glamming up a dhéanamh air le sálaí arda.

6. Céard é an buaicphointe i bhféilire na bliana?

An tOireachtas is dócha! Ach táim ag súil go mór le Ravelóid (An bhfuil do thicéad agat!?) i mbliana chomh maith.

7. An bhialann is fearr leat san ardchathair?

Is minic a théim go Gotham ar Shráid Anna Theas. Tá rogha leathan acu, agus tá Kehoes béal dorais 😉

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do réalta óg ar an raidió?

Aisteoir! B’fhéidir go ndéanfainn fós an beart!

Sin

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ar bhicycle m’athar ag rothaíocht go Baile an Reannaigh le mo dheartháireacha agus deirfiúracha agus mé ana-óg ar fad.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Dinnéar neamhfhoirmiúil ionas go mbeadh deis againn labhairt i gceart lena chéile, agus ansin deoch nó dhó ina dhiaidh sin ☺

11. An pháirt is fearr a bhí agat ar stáitse?

Thaitin ról Betsy sa cheoldráma Laraedó (le hAodh Ó Domhnaill) go mór liom. Western as Gaeilge a bhí ann a léiríodh sa New Theatre, BÁC agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe!

12. An bhfuil mana spreagúil agat?
Maireann croí éadrom i bhfad.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fear, dar leat?

Tá ana-mheas agam ar Jennifer Lawrence; tá ana-chumas inti. Tá Silver Linings Playbook ar cheann des na scannáin is fearr liom.

15. Cé hé/hí an ceoltóir is fearr leat?

Liosta ró-fhada len iad ar fad a liostáil! Patsy Cline, Pauline Scanlon, Amy Winehouse, Muireann Nic Amhlaoibh, Christy Moore, John Spillane, Arctic Monkeys, Loudon Wainwright III… mar díreach cúpla sampla.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cúpla cárta Winning Streak agus Quick Pick a cheannach.

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Tá Hawaii ag barr mo liosta faoi láthair! (Cé gur stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ann!)

18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?

Bhí deis agam cúpla seachtain ó shin an guthú a dhéanamh do ‘Mise Éire’ sa Cheoláras Náisiúnta in éineacht le ceolfhoireann RTÉ. Bhí oíche dhochreidte agam; buzz nach féidir cur síos beacht a dhéanamh air i bhfocail.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
An iomarca acu! Ag canadh amhrán agus gan na liricí a bheith ar eolas agam agus… ag labhairt liom féin os ard!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
A bheith sona sásta ionam féin!


Tá na línte vótála do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais oscailte anois agus beidh deis vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga go dtí meán lae Déardaoin, 12 Bealtaine 2016.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a theastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003, ó Phoblacht na hÉireann,
agus 60999, ó Thuaisceart Éireann & ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.

STIOFÁN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101
SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102
FIONA NÍ FLAITHEARTA téacsáil GRADAM103
LISA MADDEN téacsáil GRADAM104
MICHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105
EDEL NÍ CHURRAOIN téacsáil GRADAM106