60 soicind le…
Cian Ó Baoill

Is aisteoir óg é Cian Ó Baoill atá le feiceáil i bpáirt Oisín sa sraithdhráma nua EIPIC ar TG4 faoi láthair. Nuair nach bhfuil Cian os comhair an cheamara, níl rud ar bith is fearr leis ná braon bainne a chaitheamh siar sa bhéar i gcampas na Gaillimhe, áit a bhfuil sé ag gabháil do chéim sa drámaíocht. Labhair sé linn faoina ról nua, a chíocras chun taistil go Peiriú agus faoin rud is mó a chuireann ag gáire é. Ní thomhaisfeá cad é!


1. Cárb as duit?

Droichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe.

2. Trí rud a gcuimhníonn tú orthu nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?

An turlach, na radhairc áille agus teach Nana.

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

Cliste, ámharach, fuinniúil.

4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat?

An Fhrainc déarfainn, mar go bhfuil a lán rudaí suimiúla ann – caisleáin agus rudaí stairiúla – a thaitníonn liom.

5. Cén banna ceoil/ceoltóir is fearr leat?

Faoi láthair, is aoibhinn liom na Lumineers agus na Arctic Monkeys.

6. An píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

Rocky took a lover – Bell X1 – an leagan fuaimiúil!

7. Is mac léinn tú san fhíorshaol. An bhfuil clú agus cáil ort fá champas na Gaillimhe go fóill?

Ahh no! B’fhéidir tar éis na sraithe! Sin ráite, tá mé ag fáil Snapchats go minic ó chairde, a thug na póstaeir faoi deara in áiteanna difriúla thart fán champas.

Oisin post

8. An bhfuil aiféala ort faoi rud ar bith?

Níl…go fóill!

9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Chuaigh mé go Disneyland Florida le haghaidh mo bhreithlá.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire thú?

Is aoibhinn liom The U.S Office!

11. Dá gcasfaí duine ort den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Cúpla pionta ar ndóigh!

12. Rud amháin a thaitníonn leat faoi Oisín agus rud amháin nach dtaitníonn?

Tá muinín aige ach is féidir leis bheith an-ghlic, agus ní maith liom é sin.

13.Teilifís nó Stáitse?

Teilifís.

cian

14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i d’aisteoir ar EIPIC?

A bheith mar chuid de rud éigin speisialta.

15. Cé hé is cosúla leat?

Oisín gan amhras.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Gheobhainn béile Síneach le tabhairt liom agus lítear bainne.

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Peiriú, chun Machu Picchu a fheiceáil.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Nope!

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Páirt a glacadh in EIPIC.

20. Rud ar leith ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

Níos mó aisteoireacht a dhéanamh.


Cuirigí fáilte roimh Oisín a bheas ina cheann feadhna ar Eipic na hoíche anocht ag 10in ar TG4. Tiúnálaigí isteach.