Agallamh Eisiach le muintir Fliuch
Breis & 7,000 léitheoir go dtí seo!

Fógraíodh anuraidh go raibh iris phornagrafaíochta Ghaeilge le foisliú. Tar éis fanacht fada tháinig ‘Fliuch’ amach ar líne inné. Labhair muid leis na daoine dána taobh thiar de.


Ní féidir figiúirí a shéanadh.

Is breá leis na Gaeil coirp nochta agus giota leathair inár dteanga féin!

Breis agus 7,000 duine a léigh an iris phornagrafaíochta Ghaeilge nua, Fliuch, ó foilsíodh ar líne inné í.

Tháinig an iris chun solais i mí Feabhra anuraidh nuair a cuireadh in iúl ar Twitter go raibh sé i gceist ag daoine anaithnide an foilseachán porn a eisiúint go luath.

Níor chualathas faic ó shin, áfach, mar sin baineadh preab as pobal na Gaeilge inné nuair a seoladh Fliuch, an chéad phorniris a dhéanann ceiliúradh ar chúrsaí craicinn agus í lán le siamsa agus moltaí don seomra leapa.

‘Cíocha as Corcaigh’, ‘Bodanna & Buachaillí’ agus ‘Cailín Aimsire Nocht ó TG4’ sampla den ábhar atá á chlúdach ann.

Ag labhairt le NÓS dóibh, dúirt urlabhraí ó fhoireann Fliuch – ar grúpa daoine óga as áiteanna éagsúla sa tír iad – gur léiriú é an iris nua ar phobal beoga Gaelach na tíre.

“Measann scaifte daoine cúng-aingeanta nach ann do chultúr nua-aimseartha agus nach dtarlaíonn leathar nó rud ar bith normálta sa Ghaeilge,” arsa an t-urlabhraí.

“Mar Ghaeil feicimid go bhfuil saol bríomhar Gaelach ar fud na tíre agus theastaigh uainn léiriú a dhéanamh air sin, agus píosa beag suilt a chur ar fáil!

“Is níl caill ar na girseacha agus ar na diúlaigh bhreátha atá san iris!”

fliuch1

Tá súil ag an fhoireann go meallfaidh Fliuch léitheoirí nua agus go gcuirfidh sé siamsa ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Ag tagairt dóibh faoin chur agus cúiteamh a spreagadh ar líne agus sna meáin inné, dúirt lucht Fliuch nach nglacann siad leis go bhfuil aon rud maslach san iris.

“Níl aon náire orainn faoin chorp nocht agus níor chóir go mbeadh ar aon duine, táimid i gcoinne aon rud atá maslach don duine ach ní ghlacaimid leis go bhfuil sin fíor faoi ábhar na hirise seo.

“An duine a chaithfidh súil ar an iris feicfidh siad go bhfuil sé sách bog agus measúil. Ní ghlacaimid in aon chor gur rud dona é an corp nocht.”

Ní ghlacann muintir Fliuch go bhfuil “díspeagadh” ar bith á dhéanadh ar mhná agus tá ráite acu le NÓS gur cinneadh tábhachtach é cothromas, idir fhir agus mhná ar aon, a chur chun cinn san iris.

“Anois seans nach maith le daoine an corp nocht nó eile ach tá corpanna breátha fear agus ban le feiceáil ann,” arsa an t-urlabhraí.

Tá sé i gceist ag an dream taobh thiar de Fliuch leagan den iris a chur amach go rialta, “má tá go leor daoine sásta agus á hiarraidh” agus é ráite acu go bhfuil fáilte roimh mhainicíní i gcónaí!

Mhol muintir Fliuch an Cailín sa Chathair s’againn féin chomh maith as an spreagadh a thug sí le blianta do dhaoine cúrsaí collaíochta a phlé.

“Is cinnte gur maith an rud an cailín le blianta, lig sí do na Gaeil mothú compordach faoin gcineál seo ruda, agus chuamar beagán níos faide arís!”

Léigí an chéad eagrán de ‘Fliuch‘ anseo!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An ag magadh atá sibh/siad? Cinnte tá ‘díspeagadh’ a dhéanamh ar mhná leis an iris pórnógrafaíochta seo! Agus nach ábhair do dhaoine fásta atá i gceist? Mar sin, nár cheart go mbeadh srianta áirithe ar a leithéid sa dóigh is nach bhfeiceann páistí nó iad siúd atá faoi aois é?? Agus cé go díreach atá ag maoiniú a leithéid seo de mhaslú ar mhná? Nach dtig le Foras na Gaeilge airgead cainíocóirí na tíre a chaitheamh ar rud inteacht níos fiúntaigh ná seo???

    • Ní dóigh linn go bhfuil aon airgead faighte acu ó Fhoras na Gaeilge a chara. Is magadh a bhí sa méid sin.

      • Cordelia Nic Fhearraigh

        Magadh? An bhfaca tú an iris? Tá lógó Fhoras na Gaeilge ar an dara leathanach deireanach. Tógfaidh mé an cheist go díreach le Foras na Gaeilge agus tá súil agam nach bhfuil siad ag maoiniú a leithéid seo de bhroc nó d’inis duine inteacht eile domh go bhfuil siad á mhaoiniú, in éineacht le síntiúis ó dhreamannaí/dhaoine eile.

        • Is bréagfhógra é sin Cordelia. Níl aon dream ag maoiniú na hirise.