Craoladh Ghradaim Cheoil NÓS ainmnithe do IMRO

Tá an craoladh a rinneadh RTÉ Raidió na Gaeltachta de Ghradaim Cheoil NÓS 2020, a bhí ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ag tús na bliana, i measc na gclár atá ar an ngearrliosta do ghradam IMRO i mbliana. 

Gradaim Cheoil NÓS ainmnithe don ghradam ‘Clár nó Tionscnamh Ceol Éireannach’ agus san iomaíocht le 98FM’s Totally Irish, ATL Introducing ar BBC Ulster, Irishbeats on Beat 102-103, agus Vicar Street Replugged ar Ocean FM. 

Tá sé mhór-rannóg ann i ngradaim IMRO i mbliana agus na rannóga sin roinnte ina bhfo-rannóga. Tá an craoltóir Gaeltachta Cormac Ó hEadhra ainmnithe sa rannóg ‘Cláir Chúrsa Reatha’ dá gclár Saturday with Cormac Ó hEadhra, agus ainmníodh dráma raidió Gaeilge a scríobh Darach Mac Con Iomaire, Leaba an Bháis, sa rannóg drámaíochta. 

Tá rannóg ar leith ann don chraoltóireacht Ghaeilge agus ainmniúcháin faighte ag Ár bPéire le Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta,Bladhaire le hÁine Ní Bhreisleáin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Blas Ceoil ar BBC Raidió Uladh, Ceol Anocht ar KCLR, agus Splanc ar Newstalk. 

Ainmníodh colúnaí spóirt NÓS, Máire Treasa Ní Cheallaigh, sa rannóg ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ dá cuid oibre ar an stáisiún Newstalk.