Líne vótála do ‘Réalta Óg’ Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais oscailte

Féadtar vóta a chaitheamh d’iar-cholúnaí NÓS Póilín Nic Géidigh as seo go meán lae ar an 13 Deireadh Fómhair sa gcomórtas ‘Réalta Óg’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, ach an téacs GRADAM5 a sheoladh go 51500. 

Osclaíodh líne vótála na rannóige ar maidin agus beidh an vóta poiblí ar siúl ar feadh na gceithre seachtaine atá amach romhainn. Cúigear atá ar ghearrliosta na bliana seo don ghradam Réalta Óg, lena dtugtar aitheantas don obair atá déanta ag daoine atá faoi bhun 30 bliain d’aois in earnáil na meán Gaeilge. 

San iomaíocht le Póilín tá: Máire-Bríd Ní Chualáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta; Síomha Ní Ruairc, láithreoir ar An Ríl Deal ar TG4; an stiúrthóir Oisín Mistéil; agus Na Gael Marys, láithreoirí ar BBC 2. 

Ba le NÓS a thosaigh Póilín a gairm sna meáin Ghaeilge an bhliain seo caite nuair a thosaigh sí ag scríobh léirmheasanna teilifíse agus scannán. Chuir léitheoirí na hirise an-aithne uirthi trína colúin éagsúla ‘Idir an Dá Linn’ agus ‘Péinteáil le Póilín’, chomh maith le hailt eile a scríobhadh sí. Chaith sí tamall gairid ag iomlán le NÓS mar iriseoir an samhradh seo, sular aistrigh sí go RTÉ Raidió na Gaeltachta mar a mbíonn sí anois le cloisteáil ó stiúideo na nDoirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Ba é Séamus Ó Scanláin, clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla i nGaeltacht na Gaillimhe, a thug leis an gradam ag ócáid na bliana seo caite. 

Is ar líne a bheidh na Gradaim Chumarsáide ar siúl i mbliana mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm le scaipeadh an víris chorónaigh a chosc. Bhí siad le bheith mar chuid d’Oireachtas na Samhna i mBóthar na Trá i nGaillimh i mbliana, ach cuireadh an fhéile iomlán ar ceal ag tús an tsamhraidh. 

Beidh imeachtaí éagsúla á reáchtáil ar líne in áit na féile, na Gradaim Chumarsáide ina measc. 

Téacsáil an focal GRADAM agus an uimhir chuí chuig 51500 le vóta a chaitheamh ar son do rogha Réalta Óg.

Máire-Bríd Ní Chualáin — GRADAM1
Síomha Ní Ruairc — GRADAM2
Oisín Mistéil — GRADAM3
Na Gael Marys — GRADAM4
Póilín Nic Géidigh — GRADAM5