Na haithreacha is fearr a chonacthas ar an scáileán

Tá Lá na nAithreacha buailte linn, agus is cuma cén sórt caidrimh atá agat nó cibé cén cás a bhaineann le d’athair, bhíonn léirithe d’aithreacha ar an scáileán ann i gcónaí a mothaíonn muid nasctha leo nó a mbaineann muid sult astu. Mar sin, seo an liosta de na haithreacha is fearr (dar liomsa) ar an scáileán. 

Phil Dunphy – Modern Family (Ty Burrell)

Tá Phil Dunphy i gcónaí ábalta an chraic a bheith aige lena theaghlach, go háirithe lena mhac is óige Luke. Ón taobh amuigh, shílfeá go raibh Phil neamhchumasach agus gan é a bheith ábalta amharc ina dhiaidh féin, ach nuair a choimhéadann tú an tsraith, is léir gur athair ghrámhar, greannmhar, bríomhar é atá lán spóirt agus spraoi, agus a thugann tús áite dona chuid páistí. 

Rogelio de la Vega – Jane the Virgin (Jaime Camil)

Ní raibh tús róláidir ag caidreamh Jane lena hathair Rogelio, réalta mór i Meicsiceo nár bhain di le fiche bliain. Faraor, ní raibh aithne ag Rogelio ar Jane mar nach raibh a fhios aige fiú go raibh iníon aige, agus caitheann sé an mhórchuid den tsraith ag iarraidh é sin a chúiteamh. Socraíonn sé achan chóisir agus bainis di, gan srian ar a chuid nóisean ardnósach.

Phil Banks – The Fresh Prince of Bel-Air (James Avery)

Ní hé Phil athair Will, ach uncail s’aige, sa tsraith seo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar dhuine ar bith a raibh teilifís acu sna 90idí. Ina ainneoin sin, nuair a bhog Will ó Philadelphia go Bel-Air i gCalifornia, bhí sé ina mhac ag Phil Banks, agus ina dheartháir ag a gcol ceathracha. Léiríonn an tsraith seo nach iad do chuid gaolta gairide amháin bhíonn ina dteaghlach agat, ach gur féidir baile a bheith agat áit ar bith ina bhfuil grá ag daoine duit. 

Doug Gardner – Atypical (Michael Rappoport)

Déanann Michael Rappoport léiriú réadúil ar na deacrachtaí a bhaineann le bheith i do thuismitheoir sa tsraith Atypical, sraith faoi fhear óg a bhfuil uathachas air. Fiú agus é ag iarraidh déileáil go cothrom leis na héilimh uile a bhaineann leis na caidrimh ina shaol, bíonn grá aige i gcónaí dá pháistí agus níl a dhíobháil air ach an chuid is fearr daofa. 

Dill Penderghast – Easy A  (Stanley Tucci)

Chloígh mé le cláracha teilifíse den chuid ba mhó sa liosta seo, ach b’éigean dom eisceacht a dhéanamh don athair is mo a chuaigh i bhfeidhm orm ar an scáileán, athair Olive Penderghast in Easy A. Tá sé tuisceanach, tacúil, greannmhar agus grámhar, is cuma cén fhadhb a bhí ag Olive sa scannán, agus níl aithne agam ar aon duine nár thit i ngrá le Stanley Tucci i ndiaidh dó an ról a láimhseáil chomh maith sin.