Póilín Nic Géidigh ceaptha ina hiriseoir le NÓS

Tá Póilín Nic Géidigh, as Gort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill, ceaptha ina hiriseoir le NÓS. Beidh Póilín, atá ag scríobh do NÓS mar cholúnaí seachtrach le bliain anuas nó mar sin, ag tosú ina ról nua Dé Luain seo chugainn.

Tá aithne mhaith ag léitheoirí NÓS ar Phóilín mar gheall ar a colúin rialta faoi chúrsaí teilifíse agus Netflix, a gailearaithe grianghraf ó imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre, a ranganna ealaíne ar Instagram, agus a colún nua ‘Idir an Dá Líon’ faoin saol ar líne.

Chaith sí tamall ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo na nDoirí Beaga, agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar chláracha an Tuaiscirt ar nós Barrscéalta agus Bladhaire freisin. Tá Póilín ina láithreoir ar chlár oideachais TG4 Cúla 4 ar Scoil faoi láthair, agus bíonn sí le cloisteáil ar an bpodchraoladh Motherfoclóir agus ar chláracha éagsúla ar Raidió na Life freisin.

Céimí de chuid Ollscoil na Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath í a rinne a bunchéim sa Dearadh agus sa Chumarsáid Fhísiúil, agus tá súil aici a MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint amach i mbliana.

Reáchtáil NÓS comórtas oscailte don ról ‘Iriseoir Faoi Oiliúint’ an mhí seo. Dúirt eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín, go raibh sé “an-sásta le caighdeán na n-iarratas” agus go bhfuil sé “ag súil go mór le bheith ag obair le Póilín”.

“Chuir an t-uafás daoine isteach ar an bpost nua, rud a chuir gliondar orm féin agus ar fhoireann bainistíochta NÓS. Bhí sé an-deacair duine amháin a roghnú don ról, agus dá gcuirfí an maoiniú ceart ar fáil dúinn ba bhreá linn níos mó ná duine amháin a thabhairt isteach agus an iris a fhorbairt tuilleadh.

“Tá mé féin thar a bheith sásta le Póilín, is scríbhneoir cumasach í agus is cinnte go bhfuil mianach an iriseora inti. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair as lámha a chéile léi le NÓS a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile,” a dúirt sé.