12 lá chun tacú le RnadTreabh
Ceolchoirm le Spats Colombo ar siúl an d/s seo!

Agus níos lú ná coicís fágtha ag feachtas Fund it Raidió na dTreabh an sprioc €8,000 a bhaint amach, tá splanc cheolmhar á cur leis na hiarrachtaí tiomsaithe airgid i gClub Áras na nGael an Domhnach beag seo, an 17ú Iúil, le ceolchoirm mhór le Spats Colombo.

Níl leath an airgid atá á lorg bailithe go fóill; mar sin féin, tá díograiseoirí an stáisiún pobail Gaeilge fós dóchasach go n-éireoidh leo.

“Tá dóchas againn go mbainfimid an sprioc amach toisc go mbeidh dhá imeacht mhóra – Reic/ GaelGÁIRÍ agus ceolchoirm Spats Colombo – ar siúl sa chlub ag an deireadh seachtaine, agus tá cúpla comhlacht Gaeltachta théis airgead a gheallúint dúinn freisin,” arsa Emma Ní Chearúil, bunaitheoir an stáisiúin.

“Sílim féin go raibh sé mall ar dtús toisc tréimhse an fheachtais a bheith chomh fada ar an Fund it, ach anois agus muid ag druidim leis an spriocdháta, tá airgead ag teacht isteach i bhfad níos sciobtha,” ar sí.

Go dtí seo, is daoine aonair is mó atá théis tacú le Raidió na dTreabh, chomh maith le roinnt gnólachtaí Gaeilge i gConamara agus ar fud na tíre.

Bhuaigh lucht na dTreabh suim bheag i scuaibín Euro 2016 mar gheall ar éacht na Portaingéile, rud atá ina chuidiú freisin.

Is é €8,000 an sprioc, agus rachaidh an t-airgead i dtreo trealamh maith bunúsach agus ceadúnas craolacháin don stáisiún raidió nua Gaeilge, a bhfuil sé beartaithe é a lonnú in Áras na nGael ar Shráid Dhoimnic, Gaillimh.

Ó thaobh na foirne agus an sceidil de, tá an-fhorbairt tagtha ar Raidió na dTreabh ó bunaíodh é ag tús mhí na Bealtaine.

Bíonn réimse clár i nGaeilge á gcraoladh ar líne agus ar Flirt FM le linn na seachtaine agus táthar ag súil go ndéanfar an-dul chun cinn le stiúideo nua, an trealamh cuí agus ceadúnas craolacháin.


Spats Columbo i gClub Áras na nGael

SPATS

Cuirfear tús le scléip an Domhnaigh le maidhc oscailte ‘is cuma cén teanga’ agus BBQ ó 1in ar aghaidh.

Beidh Caoimhe Ní Chonghaile, Alan Grace agus ceoltóirí ó Choláiste Lurgan i measc na n-aíonna a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an stáitse freisin.

Is iad na Spatadóirí iomráiteacha tarraingt mhór an lae agus beidh siad ar ardán ag 3.30in.

“Tá lán fáilte roimh chách ag an imeacht seo a bheidh ag ceiliúradh dul chun cinn Raidió na dTreabh go dtí seo agus an lucht leanúna dílis atá aige,” ar Emma.

Gach rath ar Raidió na dTreabh. Ar aghaidh linn!

Tacaigh leo anseo!


* Beidh cluiche ceannais Laighean idir Baile Átha Cliath agus an Iar-Mhí á thaispeáint ag 4in, má bhíonn faitíos ar éinne go gcaillfidh siad é!