60 soicind le…
Peadar Ó Caomhánaigh!

Cuir aithne ar chraoltóir Raidió na Life, Peadar Ó Caomhánaigh, Uachtarán Chumann Daorchluiche na hÉireann agus duine de bhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht, feiniméan nua i saol na Gaeilge.

Sciob muid 60 soicind leis le fáil amach faoin chéad Pop Up Gaeltacht riamh i mBÁC an tseachtain seo caite. 

Labhair sé linn faoin slua mhór a bhí i láthair, faoi na cultacha a chaitheann craoltóirí RnaL agus faoin bheithilín bheo i gCluain Dolcáin um Nollaig – bíonn leanbh agus ainmhithe beo ann!


1. Cárb as duit?

Is as Cluain Dolcáin mé, i mBaile Átha Cliath.

2. Na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– Áras Chrónáin, áit a bhfuil cuid mhór Gaeilge le clos.
– An fharraige, atá gar go maith dúinn.
– Radharc na sléibhte.

3. Cad é an t-amhrán is fearr leat?

Athraíonn sé ó lá go lá ach inniu ‘Cold Old Fire’ le Lynched.

4. Cad é an rud is fearr leat faoi bheith ag obair le Raidió na Life?

An dream ar fad atá ag obair ann: tá siad go hiontach. Tá siad craiceáilte agus is breá liom a bheith ina dteannta gach lá.

5. An ball éadaigh is minice a chaitheann tú?

Tá cúpla culaith bhréidín agam a bhfuil an-dúil agam iontu agus tá carbhat cuachóige, nó dicky bow, agam a fheileann dóibh go mór.

fiorlar

6. Bíonn tú féin agus do chomhchraoltóir Aindriú Mac an Rí (thuas, ar dheis) ag caitheamh cultacha agus sibh ar an raidió. Cén dóigh ar thosaigh an nós breá slachtmhar sin?

An fíorscéal ná go dtáinig mé díreach ón obair go dtí an tOireachtas i gCill Airne agus bhí culaith orm. Tharla gur thóg Aindriú culaith síos leis mar nach raibh a fhios aige cén sórt stíle a bheadh i réim agus bheartaigh muid go gcuirfeadh muid casadh beag faiseanta leis an chraoladh bheo!

Agus, ar ndóigh, tá muid 100% ‘legit‘!

7. Aon iontas a thit amach i mBar Rua sa Pop Up Gaeltacht?

Oíche den scoth a bhí ann. Bhí an áit pacáilte. Tháinig an oiread daoine nach dtéann chuig imeachtaí Gaeilge de ghnáth agus bhí sin deas!

8. An tír is fearr leat?

Taobh amuigh d’Éirinn, Stáit Aontaithe Mheiriceá! Tír iomlán éagsúil is ea í atá corraithe go maith faoi láthair, ach tá go leor daoine deasa ann.

9. Cad é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

Tá mé ag dul chuig bainis sa Fhrainc go luath agus tá mé ag súil leis sin, ach má tá tú ag caint ar thír na brionglóide, bheadh orm an Nua-Shéalainn a phiocadh. Tá sé ar an taobh eile den domhan. Tá an tírdhreach agus an cultúr dochreidte!

10. Cad é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

Na Gaeil eile! Idir óg agus aosta, coimeádach agus liobrálach, tá pobal lán éagsúlachta scaipthe ar fud na cruinne. Tá sé iontach a bheith mar chuid de sin. Tá uirlisí iontacha againn le dul i dteagmháil le chéile trí na meáin shóisialta agus NÓS, Tuairisc, Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus na meáin Ghaeilge uile. Tá sé iontach!

11. An bhialann is fearr i mBÁC?

Mushasi abú! Bia Seapánach den scoth!

Brother Hubbard, áit a bhfaighim caife gach lá. Tá an fhoireann atá ag obair ann go hálainn!

12. Trí rud a chuirfeadh iontas ar dhuine faoin daorchluiche (baseball)?

– Tar éis sacair, tá sé ar an spórt foirne is coitianta ar domhan.

– Tá foireann náisiúnta ag Éirinn agus tháinig muid sa tríú háit sa chraobh Eorpach i rith an tsamhraidh.

– Tá an daorchluiche á imirt ar fud na tíre. Tá foirne againn i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin, i gContae na Mí agus i gContae an Chláir.

13. An bhfuil pictiúr aicsin ar bith ann díot ag imirt baseball? 

laimhin

Deas. GRMA!

14. Geansaithe Nollag… maith nó olc?

Níl mé i gcoinne geansaithe Nollag, ach ní chaithfinn féin ceann riamh! Gach bliain, ceannaíonn mo bhean chéile geansaí dom ach téann sé díreach chuig an siopa carthanachta!

15. An t-amhrán Nollaigiúil is fearr leat?

‘The Power of Love’ le Frankie goes to Hollywood

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cé mhéad pionta a gheofá le €20?

17. Tá an Nollaig ag teannadh linn. An bhfuil nós deas ar bith agat a chuireann leis an cheiliúradh?

I gCluain Dolcáin, bíonn ‘Beithilín Beo’ nó ‘Live Crib’ againn gach bliain! Bíonn leanbh beag beo againn, ainmhithe beo agus daoine gléasta suas. Nuair atá an beithilín beo linn, tá an Nollaig linn!

18. Leabhar a bheadh maith mar bhronntanas Nollag?

‘The Thousand Autumns of Jacob de Zoet’, le David Mitchel, an leabhar is fearr atá léite agam, déarfainn.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Bím ag caint an iomarca.

20. Aon rud a bhfuil tú ag súil leis sa bhliain úr?

Gradaim Cheoil NÓS, ar ndóigh!

  • Lillis Ó Laoire

    Go leor ráite.