‘Baile an Chaca’
S-Town: an tsraith is iontaí i ndomhan na bpodchraoltaí

* Níl aon mhillteoir sa léirmheas seo.


Tá déantóirí Serial, an mhórshraith raidió a thuill an méid is mó éisteoirí riamh i ndomhan na bpodchraoltaí, ar ais leis an tsárshraith faisnéise S-Town.

Ag leanúint nós Netflix, scaoileadh le hiomlán na n-eipeasóidí ag an am céanna, rud a chiallaíonn gur féidir na seacht gclár a alpadh síos in aon fhéasta mór cluaise amháin.

Ar éisteacht duit le caint agus canúint an phríomhcharachtair, John B McLemore, seans go gceapfá gur aisteoir nó carachtar ficsin atá i gceist.

Bheadh dul amú ort áfach.

Is fíordhuine é John agus is fíorscéal é seo, a chaitheann solas ar imeachtaí aisteacha, idir iontach agus bhrónach, a thiteann amach i mbaile beag duairc san Fhíor-Dheisceart, Alabama SAM.

Díreach mar a mhealltar an tuairisceoir Brian Reed le níos mó a fháil amach faoi John agus faoi na heachtraí éagsúla i ‘mBaile an Chaca’, aka ‘Shit Town’, éiríonn leis an chéad chlár aird an éisteora a tharraingt isteach sa scéal ar an toirt.

Gan an oiread a sceitheadh faoin scéal féin, tugann déantóirí S-Town na heilimintí le chéile, gnéithe ar éirigh leo cheana agus atá le brath i gcláir aonair This American Life agus sa tsraith leanúnach Serial.

Is meán measartha nua é an podchraoladh, agus bhí déantóirí This American Life – Julie Snyder, Ira Glass, Brian Reed agus Sarah Koenig (thíos, ón chlé) – agus na daoine taobh thiar de S-Town, ann ag tús na foirme ar fad.

Máistrí á gceirde is ea iad agus tá an nuálaíocht, a chleacht siad thar na blianta ag obair ar This American Life agus Serial, amhlaidh sa tsraith is déanaí seo.

Daoine agus scéalta suimiúla is mó a dhíríonn cláir This American Life orthu.

Bí cinnte go gcasfar níos mó ná seoid amháin ort in S-Town. 

Dúnmharú a bhí i gcroílár Serial, a lean scéal déagóra a cúisíodh i ndúnmharú ón tús uilig suas go dtí an lá inniu.

Cé go bhfuil an chuma ar S-Town gur iarracht é ar scéal dúnmharuithe eile a thabhairt chun cinn, ní mar a shíltear a bhítear.

Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Caithfear éisteacht le fáil amach cad é.


Éist le ‘S-Town’ anseo.