‘Bladhaire’ ar ais ar an aer ar RTÉ RnaG inniu

Beidh an clár Conallach Bladhaire ar ais ar an aer tráthnóna agus dhá chlár sa tseachtain le craoladh ó stiúideo na nDoirí Beaga i nGaeltacht Dhún na nGall an séasúr seo. 

Is í Áine Ní Bhreisleáin, atá ainmnithe don ghradam Pearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana, a bheidh sa chathaoir arís an fómhar seo agus í ag labhairt le Gaeil ó cheann ceann na tíre agus níos faide i gcéin. 

https://twitter.com/bladhairernag/status/1306573789866741761

Bhuaigh an clár, a tháinig ar an aer den chéad uair ar Sceideal an Fhómhair RTÉ RnaG 2019, an duais ‘Clár Irise Is Fearr’ ag Féile na Meán Ceilteach níos luaithe i mbliana. Tá an clár ar ghearrliosta na bliana seo do ‘Sraith Raidió na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus é luaite ar ghearrliosta na nGradam Raidió a bhíonn ag IMRO freisin. 

Dúirt Áine Ní Bhreisleáin go bhfuil sí féin agus an fhoireann uilig “ag súil go mór” leis an dara séasúr den chlár agus go bhfuil súil acu “ardú meanman” a thabhairt dá lucht éisteachta. 

“Tá an fhoireann uilig ag súil go mór le pilleadh le sraith a dó den chlár agus muid ag súil le go leor ceol beo a bheith againn arís i mbliana, glórtha úra ó fud fad na tíre agus thar lear a chur ar an aer, le béim ar chúrsaí timpeallachta agus na míreanna rialta cosúil le dea-scéalta ar an Aoine a bheidh ar ais arís. 

“Tá súil againn craic agus ardú meanman a thabhairt d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn na tréimhse Covid-19, agus fosta cur leis an ábhar ar na meáin shóisialta, áit a bhfuil go leor leantóirí againn,” a dúirt sí. 

https://www.instagram.com/p/CFNijdIHFnZ/

Beidh ceol beo ar chlár an lae inniu ó Sí Fiddlers, grúpa fidléirí as Dún na nGall a bhfuil an bhean Ghaeltachta Mairéad Ní Mhaonaigh ar dhuine acu, agus beidh Ye Vagabonds agus Cormac Begley ar chlár an lae amárach. 

Beidh Bladhaire beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Déardaoin agus Aoine ag 15.00.