Cruinniú mór ag Raidió na Life faoi thodhchaí an stáisiúin

Beidh an craoltóir aitheanta Cathal Mac Coille, iar-láithreoir an chláir Morning Ireland agus colúnaí rialta le Tuairisc.ie, ina chathaoirleach ar chruinniú mór poiblí a bheidh ar siúl ag an stáisiúin pobail Raidió na Life i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. 

“Cén cineál seirbhíse atá de dhíth ó phobal na Gaeilge i ré réabhlóideach do na meáin chumarsáide?” an cheist a chíorfar ag an ócáid, agus beidh ceathrar aoichainteoirí ag glacadh páirte sa phlé painéil a bheidh ar siúl roimh an gcruinniú poiblí.

Is iad sin údar an leabhair Radio Numbers Up, Brian Greene; Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn; láithreoir an chláir Tús Áite ar RTÉ RnaG, Fachtna Ó Drisceoil; agus duine de láithreoirí aitheanta Raidió na Life féin, Ọlá Májẹ́kódùnmí.

Tá súil ag lucht stiúrtha Raidió na Life slua mór a mhealladh go stiúideo an stáisiúin ar Shráid Amiens ar an 27 Feabhra ag 18.30, agus cuireadh tugtha d’éisteoirí, foireann, saorálaithe agus “cairde an stáisiúin” bailiú le chéile, tuairimí a mhalartú agus smaointe a phlé maidir le fás agus forbairt an stáisiúin pobail. 

Dhá lá i ndiaidh an chruinnithe, Dé Sathairn an 29 Feabhra, beidh ceardlanna raidió á reáchtáil ag Raidió na Life do chraoltóirí nua agus dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena dtaithí agus scileanna raidió. Beidh na ceardlanna seo ar siúl ón 11.00 agus ó 16.00. Cuirfear lón ar fáil idir an dá sheisiún.

‘Drámaí Raidió agus Cláracha Faisnéise’ an téama a phléifear ag seisiún na maidine agus an sprioc ag lucht an stáisiúin léargas a thabhairt ar na féidearthachtaí cruthaitheacha atá ann i réimse an raidió. Beidh na scríbhneoirí Réaltán Ní Leannáin agus Cathal Póirtéir ina n-aoichainteoirí ag an seisiúin seo agus pléifidh siad na tionscadail atá curtha i gcrích acusan le Raidió na Life agus labhróidh faoi na scileanna atá ag teastáil le tabhairt faoina leithéid. 

Tabharfar eolas faoi chúrsaí raidió pobail ar fhoghlaimeoirí chomh maith le bunoiliúint i scileanna raidió sa dara seisiún. Cuirfear fáilte roimh dhuine ar bith ag an lá oiliúna seo, idir ghlanfhoghlaimeoirí agus daoine atá ag iarraidh cur lena scileanna raidió.