Cúrsa raidió ilchineálach
á reáchtáil ag Raidió Fáilte

Tá Raidió Fáilte ag reáchtáil Dianchúrsa úrnua Traenála i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta d’fhonn traenáil a chur ar chraoltóirí nua raidió.

Le linn an chúrsa, beidh stáisiún pobal Gaeilge Bhéal Feirste ag cur ar fáil na scileanna ar fad a bheidh uait le cláir raidió a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar.

Dúirt Oifigeach Traenála Raidió Fáilte Dónall Mac Murchaidh gur seans iontach atá sa chúrsa traenála seo taithí a fháil sna meáin chumarsáide mar láithreoir raidió nó mar iriseoir.

“Cuireann Raidió Fáilte deiseanna ar fáil do dhaoine idir óg agus aosta tabhairt faoi chláir raidió agus cuireann muid clár cuimsitheach oiliúna ar fáil do phobal na Gaeilge i bhfad agus i gcéin,” ar sé.

“Beidh deis ag traenálaithe tabhairt faoi fhoghlaim faoi gach gné sa chúrsa seo agus beidh an deis acu a gclár féin a bheith acu ar Raidió Fáilte”.

Ag deireadh an chúrsa gheobhaidh gach traenálaí cóip de na cláir a rinne siad ar mhearóg chuimhne mar aon le teastas a rá go bhfuil an cúrsa curtha i gcrích acu agus gheobhaidh siad an deis a bheith mar chraoltóir ar Raidió Fáilte 107.1FM.

Cuirfear tús leis an chéad seisiún an Chéadaoin bheag seo, 8 Feabhra idir 6-9in, agus leanfar leis gach Céadaoin go ceann ceithre seachtaine.

Beidh sé á reáchtáil i stiúideo Raidió Fáilte, i dTeach Uí Churraoin, Ionad an Dá Spuaic, 155 Sráid Northumberland, Béal Feirste.

Le háit a fháil ar an chúrsa cheannródaíoch seo gabh i dteagmháil le Dónall Mac Murchaidh ar (028) 90 310013 nó ar donall@raidiofailte.com.

Raidió Fáilte abú!