Gradaim Cheoil NÓS le craoladh ar RTÉ RnaG anocht

Beidh buaicphointí Ghradaim Cheoil NÓS 2020, a bhí ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath aréir, á gcraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht ag 22.30.

Bhí an craoltóir aitheanta Sinéad Ní Uallacháin ina bean an tí aréir ag an ócáid, ag a mbronnadh ocht ngradam ar cheoltóirí nua-aimseartha na Gaeilge.

Ba iad rapálaithe Bhéal Feirste, Kneecap, a thug an chraobh leo arís i mbliana do Bhanna Ceoil na Bliana agus ba í Gráinne Holland s’gainn féin a bhuaigh an gradam Albam na Bliana dá saothar Corcra.

Éistigí leis an gcraic agus an ceol ón oíche aréir ag 22.30 ar RTÉ RnaG anocht!

Ar na ceoltóirí a bhí ar an ardán aréir bhí Róisín Seoighe as Gaeltacht na Gaillimhe, Cian Mac Cárthaigh, Dianne Ní Chanainn agus Ushmush.