Leagan 1973 de ‘Cré na Cille’ le hathchraoladh ar RnaG in ómós Mháirtín Uí Chadhain

Cuirfear tús le hathchraoladh an dráma raidió Cré na Cille, a taifeadadh in 1973, ar RTÉ RnaG níos deireanaí sa mí mar chuid den chomóradh atáthar a dhéanamh ar Mháirtín Ó Cadhain caoga bliain i ndiaidh a bháis. 

Seachtain ón lá inniu, Dé Luain an 16 Samhain, ag 14.05 a chraolfar an chéad eagrán dráma raidió de mhór-úrscéal an Chadhnaigh a chóirigh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha in 1973 agus gan an stáisiún Gaeltachta ach bliain ar an bhfód. 

I measc na n-aisteoirí a ghlac páirt sa dráma beagnach caoga bliain ó shin bhí Winnie Mhaitias Uí Dhuilearga, Bríd Ní Choisdealbha, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Tomás Ó Conaire, Micheál Mac Con Iomaire, Tomás Ó Mainnín, Diarmuid Mac an Adhastair, Joe Steve Ó Neachtain, agus Máirtín Ó Díreáin, an file as Árainn a bhí i bpáirt Stoc na Cille. Bhí 25 aisteoir ar fad sa gcliar.