Rónán Beo@3 ar ais ar aer inniu
Dorn san aer do sceideal an fhómhair ar RnaG!

Tá tús curtha le sceideal an fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí agus craoltóirí aitheanta eile de chuid an stáisiúin ag filleadh ar an aer tar éis bhriseadh an tsamhraidh.

I rith na seachtaine ar maidin beidh Eibhlín Ní Chonghaile ar ais sa chathaoir dá clár Iris Aniar, cuirfidh Banríon na Siamsaíochta, Sinéad Ní Uallacháin, ceol binn na maidine inár láthair ó 10.15rn agus beidh Áine Ní Churráin ar ais le scéalta an tuaiscirt don chlár Barrscéalta.

Fillfidh Máirtín Tom Sheáinín le Ardtráthnóna ag 2in agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí ar ais lena chlár Rónán Beo@3 ón lá inniu.

Leanfar le Cóisir Cheoil Dhónall Mhic Ruairí ag 4.10in agus Cormac ag a Cúig, le Cormac Ó hEadhra, a bhí ag láithriú Drivtime RTÉ 1 agus cláracha eile le linn an tsamhraidh.

Ar an Luan, beidh Cóisir Cheoil sa bhreis ann i dteannta Dhónall Mhic Ruairí le clár dhá uair an chloig ó 3-5in.

I measc na mbuaicphointi eile i sceideal fómhair RnaG, tá sraith nua den Bóthar go Nashville ag Jó Ní Chéide dúinn gach Luan ag 9in agus beidh Seán Ó hÉanaigh agus Màiri Anna Nic Ualraig ar ais le sraith nua de Sruth na Maoile, a mheascán ceol na hÉireann agus na hAlban, Dé hAoine 2in.

Ag an deireadh seachtaine, cuirfidh Máirín Ní Ghadhra agus Bláthnaid Ní Chofaigh tús an athuair lena gcuid cláracha maidin Dé Sathairn agus beidh Eilín Ní Chearna ar ais le sraith nua Rogha Eilín ag 7in.

Beidh Siúlach Scéalach ag athrú ón Luan go hoíche Dé Domhnaigh 8in sa sceideal nua, clár ina gcloisimid seanchas, scéalaíocht agus léargas ar oidhreacht na Gaeilge ar Raidió Éireann ón gcéad lá anall, le hIan Lee.

Ó thaobh an spóirt de, beidh clúdach ollmhór ar chúrsaí spóirt ar RnaG i mí Mheán Fómhair, ina measc thráchtaireacht bheo ar na cluichí ceannais iomána agus peile, chomh maith le Craobh Uile Éireann sa Chamógaíocht agus i bPeil na mBan, agus na craobhacha sna contaetha Gaeltachta.

Coinnígí bhur gcluasa amach do dhá chlár nua a bheas ag tosú i mí Dheireadh Fómhair ar RnaG – clár nua ealaíon tráthnóna Dé Sathairn, An Mhuir Shíoda, agus clár nua comhrá le Máirín Nic Con Iomaire Dé Domhnaigh ag 1.15in, Seal Cuideachta.

An Fómhar abú!