Tús á chur le sraith nua don ‘Chéad Ghlúin Eile’ ar RTÉ RnaG inniu

Cuirfear tús inniu ag 13.30 le sraith nua An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, sraith ina ndíreofar ar éisteoirí óga an stáisiúin. Is é Séamus Ó Scanláin a chuirfidh an tsraith i láthair ó cheannáras RnaG i gCasla agus aíonna éagsúla ó gach cearn den tír faoi agallamh aige. 

“Is agallaimh aonair liomsa agus le haíonna difriúla atá i gceist. Beidh mé ag labhairt le daoine atá réasúnta óg – idir 18 agus 30 bliain d’aois nó mar sin, cé go bhfuil cúpla duine ann ata beagán taobh amuigh den aoisghrúpa sin. Go bunúsach, beidh muid ag díriú ar dhaoine óga a bhfuil scéalta spéisiúla le n-inseacht acu – céard atá déanta acu go dtí seo, céard ba mhaith leo a bhaint amach sa saol amach anseo, an bhfuil aon aiféala orthu faoi aon cheo agus rudaí mar sin. 

“Is daoine spéisiúla iad chuile dhuine acu agus tuairimí acu ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht, faoi chúrsaí spóirt, an fheilméireacht, an ceol agus go leor eile. Leagan amach an phodchraolta a bheidh ann, agallaimh duine ar dhuine, mar shíl muid nach raibh an cineál sin cláir cainte ann agus na hábhair chainte ba ghaire dár gcroí á bplé ar an stáisiún,” a dúirt Séamus Ó Scanláin le NÓS. 

Cláracha leathuair an chloig a bheidh sna 11 clár a chraolfar sa tsraith An Chéad Ghlúin Eile, a bheidh le cloisteáil ar RTÉ RnaG ar an Máirt ag 13.30 as seo go deireadh an tsamhraidh. 

Is í Evelyn Ní Ghriallais as Cill Briocáin i Ros Muc a bheidh ar chlár an lae inniu. Mac léinn altrachta í Evelyn agus anailísí spóirt sa rásaíocht capall. Tá sí an-mhórtasach as a ceantar dúchais áit as ar tháinig pearsana móra spóirt, polaitíochta agus litríochta san am a caitheadh. 

Ar na haíonna eile a bheidh le cloisteáil idir seo agus deireadh an tsamhraidh beidh Aedraen Ó Dubhghaill as contae Laoise, an t-amhránaí Étáin Ní Churraoin as Ráth Chairn, an láithreoir teilifíse Eoghan Ó Loideáin as an gCeathrú Rua, colúnaí de chuid NÓS Aedín Ní Thiarnaigh as Inis Córthaidh, clár-reachtaire de chuid RnaG féin Póilín Nic Géidigh, agus an ceoltóir Pádraig Jack Ó Flátharta as Árainn.