5 chineál gotha ar Instagram
Bíobla 'pósála' le Ciara Ní É!

Na mílte haischlib, na milliúin úsáideoir agus na billiúin pictiúr. Fiosraíonn Ciara Ní É cad iad na nósanna nua atá ag teacht chun cinn ar ghréasán mór na ngrianghraf, Instagram.


Tá a chuid treochtaí grianghrafadóireachta féin ag Instagram.

Ardán is ea é a scaipeann staidiúir, nó pósáil, ar leith go minic agus go sciobtha.

Roghnaigh mé roinnt de na cinn is mó atá le feiceáil i ndomhan Instagram i láthair na huaire.


1. Lámh sa ghruaig

Cuir lámh amháin i do chuid ghruaige.

Tá sé agat.

Úsáidtear seo ní hamháin le béim a chur ar áilleacht na gruaige, ach chun leithscéal an lámh (agus na méara maisithe sin!) a bheith sa phic.

Krismas 🎄

A photo posted by Kylie (@kyliejenner) on


2. Lámha an dineasáir

Tá sé seo ag teacht chun cinn in áit an ‘pota tae’ (thíos), atá cineál ag imeacht as faisean, ach ní imeoidh sé go hiomlán riamh.

A photo posted by Madison & Laurel Showroom (@madisonandlaurel) on

Le gotha an dineasáir a chur ar na lámha, fág amach ón gcorp iad díreach os do chomhair amach.

Tá sé níos caolchúisí ná an ‘pota tae’ ach fós cuireann sé cuma níos tanaí ar na lámha!

Déan amhlaidh Zendaya anseo.


3. Squinch

Chum an grianghrafadóir Peter Hurley an focal squinch le cur síos a dhéanamh ar an ngotha a theastaigh uaidh ó dhaoine an t-am ar fad. An rud atá i gceist leis ná na súile a dhúnadh píosa, ach ní bheidh na súile craptha agat ina iomláine.

Cuirfidh Selena Gomez, Spéirbhean an Squinch, tú sa treo ceart.

A photo posted by Selena Gomez (@selenagomez) on

An bhfuil tú in amhras faoin gceann seo?

Níor cheap mise mórán de ar dtús ach féach ar an difríocht idir an dá phic thíos agus abair liom nach mbeidh tú ag baint triall as amach anseo!


4. GOA

Faigh grianghraf ina bhfuil tú ag gáire!

Nó lig ort gur chuala tú jóc den scoth agus ansin glac pic. (Sách bréagach, ach bíonn cuma nádúrtha go deo air!)

A photo posted by Conor McGregor Official (@thenotoriousmma) on


5. Póga éagsúla

Idir ‘aghaidh na lachan’, ‘béal an éisc’ agus an ‘póg’ é féin, tá roinnt roghanna éagsúla ann ó thaobh na bpóg.

Níl eatarthu ach miondifríochtaí ach is difríochtaí iad mar an gcéanna – pioc an ceann is fearr leat féin!

Aghaidh na lachan:

Cineál puisín atá ann ach é déanta thar fóir.

Tá sé cineál imithe as faisean anois ach is maith le Ariana Grande fós é!

A photo posted by Ariana Grande (@arianagrande) on

Béal an éisc:

Béalscaoilte, leathbhealach idir iontas agus áthas (ach ná cuir puisín ort féin, ná miongháire!).

A photo posted by Selena Gomez (@selenagomez) on

Póg:

An ceann is éasca le déanamh dar liom féin (agus dá bhrí sin mo rogha!):

A photo posted by Bella Hadid (@bellahadid) on

Agus ní hiad na mná amháin a bhíonn i mbun na bpóg, agus mé i mbun taighde d’fhoghlaim mé go bhfuil a réimse féin de chineálacha póg ag The Rock.

A photo posted by therock (@therock) on

Sin agaibh Bíobla na nGothaí le Ciara Ní É!