Blas binn Gaelach ar @Ireland
Mícheál Ó Ciaraidh ar na cnaipí don tseachtain!

Tá láithreoir TG4 Mícheál Ó Ciaraidh i gceannas ar chuntas Twitter @Ireland an tseachtain seo agus é ag súil le “saol bríomhar na Gaeilge” a chur i láthair an domhain mhóir.

Le breis agus 45,000 leantóir ag @Ireland, dúirt an Conallach aitheanta le NÓS go mbeidh sé ag santú na deise “cur agus cúiteamh” a spreagadh faoin Ghaeilge agus an teanga a chur chun tosaigh i gcaitheamh na seachtaine.

“Tá sé mar sprioc agam daoine a mhealladh i dtreo na teanga, rud beag poiblíochta dearfaí a thabhairt don Ghaeilge, agus léiriú a thabhairt ar mo shaol agus ar an obair a bhíonn ar siúl agam sna meáin Ghaeilge,” ar sé.

Ba mhaith leis fosta tuairimí i leith na Gaeilge a chluintin ó dhaoine ar fud na cruinne agus rud beag spraoi a bheith aige ag an am céanna.

“Cheana féin tá daoine ag cur ceisteanna orm faoin Ghaeilge agus ag roinnt a gcuid taithí liom.”

Gach maidin Luain, bíonn Éireannach ar leith ag láimhseáil na gcnaipí ar chuntas @Ireland.

Is fiontar é a d’eascair as an tSualainn agus a scaip chuig tíortha eile ó shin.

Cuireadh tús leis in Éirinn siar in 2012 agus is é Mícheál an 250ú duine le bheith mar cheann feadhna ar an chuntas.

lar

Is é an bunús atá leis ná go bhfaightear léiriú níos fearr ar shaol comhaimseartha mhuintir uile na tíre fríd éagsúlacht na nguthanna a bhíonn ag feidhmiú ar an chuntas.

Chuala Mícheál faoi anuraidh agus chuir sé iarratas isteach le bheith i mbun seilbhe ar na cnaipí don tseachtain.

Scaipeann tionchar na tíre i bhfad thar chósta an oileáin agus tugtar ardán ar an chuntas do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn agus Éireannaigh thar lear ar aon.

“Fuinneog isteach ar shaol an duine atá ann, ar thaithí an duine sin mar Éireannach sa lá inniu.”

Agus tú i gceannas ar an chuntas, mhínigh Mícheál go bhfuil ort a bheith gníomhach i rith ama agus tweet amháin ar a laghad a chur amach gach uair an chloig.

“Beidh mé ag lorg neart ábhar suimiúil as seo go ceann seachtaine le cur amach ansin. Tá plean garbh go leor leagtha amach agam ach beidh fáilte roimh rudaí suimiúla i gcónaí!

Tá an Cailín sa Chathair s’againne ar bís go bhfuil @Ireland ag scaipeadh na dánaíochta agus a rogha de bhronntanais dhána na Nollag á roinnt ar an chuntas!


Leanaigí @Ireland anseo!

Más maith leat seilbh a ghlacadh ar @Ireland, nó duine a ainmniú lena aghaidh, is féidir iarratas a sheoladh chuig Ireland@IrishCentral.com. Más d’iarratas féin atá ann, scríobh cur síos 140 carachtar fút féin mar aon le mír ghairid a mhíníonn cén fáth a mbeifeá go maith ar chnaipí @Ireland. Ná déan dearmad d’ainm úsáideora ar twitter a chur leis chomh maith! HUP!