Ceardaíocht le Gearóidín: an lámhfhuáil

Beidh Gearóidín McEvoy linn arís tráthnóna ar leathanach Instagram NÓS le rang ceardaíochta sa lámhfhuáil a thabhairt dúinn.

“Beimid ag déanamh ceithre chineál greama. Greim reatha, greim caoch, greim blaincéid agus cúlghreim. Ní bheidh ag teastáil ach biorán fuála, snáth agus píosa éadaigh chun cleachtadh air. Beidh na scíleanna seo úsáideach, agus riachtanach, d’aon tionscadal fuála nó cniotála,” a dúirt Gearóidín.

https://www.instagram.com/p/CKUQZW4Hs_a/

Beidh an rang ag tosú ag 17.30 ar Instagram NÓS tráthnóna agus bíonn na ranganna go léir a thugann Gearóidín uaithi ar fáil ar IGTV NÓS i ndiaidh a gcraolta.