Ceardaíocht le Gearóidín: bratacha Nollag

Tá an dianghlasáil mhór thart — go ceann píosa ar aon chuma – ach níl deireadh leis na ranganna ceardaíochta ar chuir Gearóidín McEvoy tús leo leis an am a mheilt dúinn le linn an ‘Loctha Mhóir’!

Beidh Gearóidín linn arís tráthnóna le rang fuála a thabhairt dúinn ar leathanach Instagram NÓS.

“Beidh muid ag fuáil bratacha inniu. Maisiúcháin na Nollag a bheidh idir lámha inniu agam, ach is féidir iad seo a dhéanamh d’aon cheiliúradh nó cóisir – níl le déanamh ach an t-éadach a athrú agus na treoracha céanna a leanúint. Is maith liom iad toisc go bhfuil siad buan agus is féidir iad a úsáid arís agus arís eile,” a dúirt Gearóidín.

Ag teastáil ón té a thabharfaidh faoin rang beidh inneall fuála, snáth, siosúr, éadach (seanbhraillín nó rud ar bith eile is maith leat), múnla triantánach, stuáil (roghnach), feilt nó ábhar eile maisithe, agus gliú éadaigh.

Bí le Gearóidín tráthnóna ag 17.30 ar scéalta Instagram NÓS. Beidh an rang ar fáil ar IGTV NÓS ina dhiaidh sin freisin.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag)