Ceardaíocht le Gearóidín: Bunchlocha na Cniotála
beo ar Instagram

Beidh Gearóidín McEvoy linn arís ar Instagram NÓS tráthnóna agus bunchlocha na cniotála á múineadh aici dúinn. Bí léi ó 17.30 ar leathanach Instagram NÓS le páirt a ghlacadh sa rang, ina múinfidh sí dúinn cén chaoi lúb a chur suas, an lúb sleamhain agus an lúb iompaithe a dhéanamh, agus lúb a chaitheamh anuas.

“Beidh mé ag taispeáint conas a réitítear botún cniotála agus conas lúb tite a phiocadh suas. Beidh bioráin – molaim méid 4 ach ní gá – agus snáth nó olann ag teastáil ó dhuine a bheidh ag cniotáil liom. Déan cinnte go bhfuil an snáth oiriúnach dona bioráin – beidh sé scríofa ar an lipéad,” a dúirt Gearóidín.

Chuir Gearóidín tús lena ranganna ceardaíochta an tseachtain seo caite nuair a mhúin sí dúinn cén chaoi masc aghaidhe a fhuáil. Is féidir breathnú ar an gceacht sin ar Instagram NÓS anseo.

View this post on Instagram

Masc aghaidhe a fuáil le Gearóidín 🧵

A post shared by NÓS (@nosmag) on