Ceardaíocht le Gearóidín: Patrún Árann

Beidh Gearóidín McEvoy linn arís inniu ar Instagram NÓS agus an tríú ran ceardaíochta á mhúineadh aici. Thaispeáin Gearóidín bunchlocha na cniotála dúinn an tseachtain seo caite, agus is ag cur lenár scileanna cniotála a bheidh sí tráthnóna agus cor na péiste agus an greim cíorach á múineadh aici, le pátrún cáiliúil Árann a chruthú.

“Má bhíonn tú liom tráthnóna, déan cinnte go bhfuil biorán breise agat, chomh maith leis na gnáthbhioráin agus an snáth. Déanfaimid samplaí beaga ar lúba atá coitianta i gcniotáil Árann. Uaireanta ceaptar go bhfuil cniotáil Árann casta nó deacair. Bígí liom chun í a soiléiriú!” a dúirt Gearóidín.

Beidh an rang ag tosú ag 17.30 ar leathanach Instagram NÓS agus beidh sé ar fáil ina dhiaidh sin mar IGTV ar an leathanach céanna do dhaoine nach féidir leo a bheith i láthair agus é beo.

Is féidir breathnú ar rang na seachtaine seo caite anseo.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag) on