Gael-Snap TG4
Snapairí ar fud na cruinne ag ceiliúradh SnaG17!

Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge TG4, beidh réaltaí éagsúla i saol na Gaeilge i mbun chuntas Snapchat an stáisiúin le linn na mórfhéile Gaeilge.

Gach lá, beidh aghaidh úr le feiceáil ar Snapchat TG4, agus léargas á thabhairt dúinn ar a bhfuil ar siúl acu in áiteanna ar fud an domhain an lá sin.

Snapairí móra an stáisiúin Mícheál Ó Ciaraidh agus Caitlín Nic Aoidh a sheol an feachtas ar maidin sular ghlac an Conallach aitheanta Caoimhe Ní Chathail, aka Caoimhe Chats, seilbh ar an chuntas agus í ag tuairisciú ó Bhéal Feirste.

Amárach, agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh, beidh Róisín Ní Eadhra, láithreoir TG4, i mbun an chuntais agus an 100ú clár Róisín á thaifeadadh.

Beidh deis againn casadh leis na mná iontacha a bheas mar chuid don chlár speisialta sula gcraolfar é an oíche chéanna.

I measc na snapairí eile, beidh an t-aisteoir óg Art Parkinson, duine d’ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, baill Seo Linn atá ar camchuairt san Astráil faoi láthair agus láithreoir TG4 Mairéad Ní Chuaig, atá ag taifeadadh Woofáil sa Téalainn.

An Gael aitheanta Ciarán Kilkenny (thuas), a bhfuil craobh na hÉireann bainte aige faoi dhó sa pheil le foireann Bhaile Átha Cliath, a chuirfidh críoch leis an fheachtas i bPáirc an Chrócaigh ar an 17 Márta, tráth a mbeidh cluichí ceannais na gclubanna á gcraoladh ag TG4.

Ó chleas lasrach oíche Shamhna, teacht agus imeacht an Chaitlín agus Caitlín eile, agus an mhórdhuais Snapchat a bhronnadh orthu anuraidh, is maith linn go bhfuil TG4 ag leanúint lena gcuid nualaíochta ar na meáin shóisialta.

Seachtain na Gaeilge abú!