Gaelsnap 32 contae
An Aoine bheag seo an sprioclá!

Dé hAoine bheag seo an lá deireanach atá ag snapairí samhlaíocha cur isteach ar chomórtas Snapchat Chonradh na Gaeilge, atá ag lorg scagairí tíreolaíocha le gabháil le gach contae sa tír.

Is éard atá i gceist le scagaire tíreolaíochta nó geo-scagaire ná íomhá a bhfuil téacs curtha leis a thugann le fios cén áit ar domhan a bhfuil tú agus eolas eile faoin áit.

Seo ceann a tháinig isteach dé hAoine! Bímis ag snápáil!

Tá ainm in airde ag Snapchat mar gheall ar na bealaí cruthaitheacha a chuireann sé ar fáil le scéal a insint agus is sampla maith iad na geoscagaire dá léitheid.

Tá an-tóir ar na scagairí seo i measc snapairí ar fud an domhain agus cé go bhfuil scagairí tíreolaíochta ar fáil do roinnt mhaith contaetha go dtí seo, tá siad i mBéarla amháin.

gaelshanp

An dea-nuacht ná go bhfuil an-suim ag Snapchat scagairí tíreolaíochta a chur ar fáil as Gaeilge, dar le Conradh na Gaeilge.

Chuige sin, táthar ag reáchtáil comórtas a thugann deis do dhaoine a ngeoscagaire ealaíonta féin a chruthú.

Is féidir le gach duine cur isteach ar an gcomórtas anseo agus glacfar le hiarratais suas go dtí 19 Lúnasa 2016.

Fógrófar na buaiteoirí i mí Mheán Fómhair!

Gach rath oraibh a snapairí.

  • PólÓ

    Tá mé ró-shean do Snapchat.