#GCNÓS ar fud an domhain
beochraoladh, na torthaí is déanaí & snapscéalta!

Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh na Gaeil ar líne in ann a bheith páirteach in imeachtaí Ghradaim Cheoil NÓS, a bheas ar siúl sa Sugar Club i mBÁC anocht, trí nascadh linn ar na meáin shóisialta.

Cuirfidh Barbara Nic Dhonnacha, craoltóir 4FM agus Raidió na dTreabh agus duine de mholtóirí na ngradam, fáilte chroíúil romhaibh ag 8.30in agus í ag craoladh beo ón seomra glas ar leathanach Facebook NÓS.

Beidh muid ag súil le cloisteáil uaibh ar an chóras giolcaireachta Twitter fosta tríd an haischlib #GCNÓS a úsáid agus beidh an scéal is déanaí, mar aon leis na torthaí uile, á bhfógairt againn ar líne de réir mar a bhronnfar na duaiseanna.

Ag cur aithne ar na Gaeil bhreátha agus ceoltóirí a bheas ár snapadóir, Milène Fegan, i gcaitheamh na hoíche ar Snapchat NÓS (nos.ie) chomh maith.

Bígí linn a chairde!