Idir an dá líon…
colún faoin saol ar líne le Póilín Nic Géidigh

Tarlaíonn an iomarca rudaí ar an idirlíon achan bhomaite d’achan lá, mar sin tá mé féin anseo le blaisín beag a thabhairt duit de na rudaí is suntasaí a tharla le seachtain anuas.

Oibseisiún Aisteach na Seachtaine

An bhfuil tú gafa le halbam ar leith? Ar mhaith leat iaruachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Bill Clinton a fheiceáil agus greim shásta aige ar na halbaim sin? Bhuel tá suíomh idirlín agamsa duit. Le seachtain anuas, tá lucht an idirlín ag roinnt a gcuid roghanna ceoil agus ag ainmniú a gcairde leis an rud céanna a dhéanamh ar Twitter agus ar Instagram, ag úsáid an tsuímh billclintonswag.com. Is féidir cuardach a dhéanamh ar cheol agus tiocfaidh ealaín an albaim aníos ina lámha. Bain triail as! 

Cuntas Instagram na Seachtaine

https://www.instagram.com/p/B_Fu403H_jN/

Mura bhfuil cuntas Clodagh feicthe agat go fóill, is cinnte go bhfuil a cuid teimpléad feicthe agat ar scéalta Instagram na nGael. Cruthaíonn Clodagh teimpléid shiamsúla as Gaeilge do scéalta Instagram, chomh maith le pictiúir agus dearthaí aeistéitiúla ina postálacha le sleachta nó le frásaí inspioráideacha orthu. Chomh maith leis sin, is eagarthóir í de Zín, irisín dátheangach a sheolann sí ar ríomhphost ar bhonn trí-sheachtainiúil, ina mbíonn agallaimh, ealaín, filíocht agus scéalta.

Giolc na Seachtaine

Ah, an coilíneachas, mura dtéann tú a gháire, rachaidh tú a chaoineadh. 

Clár Teilifíse na Seachtaine

Craoladh an chéad eagrán den chlár Gaeltacht 2020 ar TG4 Dé Céadaoin na seachtaine seo. Sraith úr faoi staid reatha na Gaeltachta ina gceistítear agus ina n-iniúchtar cúrsaí fostaíochta, cearta teanga, agus gnéithe thábhachtacha eile de shaol mhuintir na Gaeltachta. Beidh an dara heagrán á chraoladh ar TG4, Dé Céadaoin an 29ú Aibreán ar 21:30, agus is féidir amharc ar an chéad chlár arís ar sheinnteoir TG4.

Seo blaisín de na rudaí a dúradh ar Twitter:

https://twitter.com/gobblefunker/status/1253069519863590920

TikTok na Seachtaine

Físeán timpeall 15 shoicind d’fhear ag seinm ‘Yankee-Doodle-Dandy’ ar an mbainseó. Sin go breá, rudaí níos aistí feicthe agam ar TikTok, ach ag an deireadh, suíonn an madadh aníos, agus bhuel, tá fíor-chosúlacht aige lenár nUachtarán féin Micheál D Ó hUigínn. Amharc air tú féin muna gcreideann tú me!

Fosta, leag súil ar

Podchraoladh Mise Éire 

Podchraoladh dátheangach á chur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin, ina labhraíonn sí le hÉireannaigh faoina dtaithí i réimsí áirithe. Tá cúig eipeasóid uaslódáilte go dtí seo, ag toiseacht le Gerry Adams agus le Breanndán Ó Beaglaoich ar an cheann is deireanaí.