Na Vailintíní Gaelacha
Ag scaipeadh an ghrá!

Bíodh an ghráin agat air nó bíodh sé ar cheann de na laethanta is fearr leat sa bhliain, tá Lá Fhéile Vailintín buailte linn.

Is nós leis an lá seo an grá a scaipeadh le bronntanais áille, rósanna dearga, seacláidí daora, agus ní bheadh a fhios agat cad eile má tá an t-ádh ort!

Labhair NÓS le roinnt Gael óg le fáil amach conas a thaitníonn, nó nach dtaitníonn, ‘Lá an Ghrá’ leo.


Seán ‘sexyáilte ‘ Ó Baoill / Ros na Rún

Sean

Is ‘romantic’ ceart mé agus sin mar a bhí i gcónaí.

Déanaim Lá Fhéile Vailintín á cheiliúradh achan bhliain má tá mé ag dul amach le duine.

Sílim go mbíonn duine rómánsach i ngach caidreamh agus is mise an duine sin agus níor mhaith liom go rachaidh lá mar sin tharam gan rud éigin a dhéanamh.

Is iontach an rud é aitheantas a thabhairt don duine sin i do shaol ar an lá ach is maith liom rudaí beaga a dhéanamh i rith na bliana chomh maith.

Anuraidh d’ullmhaigh mé dinnéar mór agus thug mé dearbháin bheaga mar bhronntanas, a raibh teachtaireachtaí beaga scríofa agam orthu – “barróg saor aisce, “rogha s’agat ag an phictiúrlann” agus rudaí pearsanta spraíúla ó thaobh na collaíochta de.

Sin bronntanas maith ach bí cinnte gan barraíocht a ofráil!

Is cuimhin liom bliain eile bhí muid i gcaidreamh agus fuair mé óstán i mBAC scaip mé peitil róisear an leapa agus fuair muid ‘room serivce’ agus bhí oíche ar dóigh againn.


Aindriú ‘lán de ghrá’ de Buitléir / Dysania (Aindriú ar dheis)

Dysania

Is maith liom é agus ní maith.

Níl mé ag iarraidh a rá go bhfuil sé ar fad bunaithe ar airgead agus gur fhéile mhór chaipitlíoch í ach tá cuid mhaith de bunaithe ar airgead seachas an grá.

Is dócha go ndéanann daoine é a cheiliúradh ar bhealaí éagsúla agus go bhfuil gach duine difriúil.

Ach ceapaim gur bhfuil sé bunaithe ró-mhór ar rudaí a cheannach, ar airgead agus ar earraí, agus an iomarca béime ar sheacláid agus ar chac mar sin.

Sin mo thuairim macánta faoin lá!

Inniu beidh Dysania ag teacht le chéile do chleachtadh agus beidh mé ag caitheamh ama le daoine a bhfuil grá agam dóibh!

Nach deas é sin!


Caitlín ‘croí álainn’ Nic Aoidh /  TG4

Caitlin

Ní lá ró-mhór atá ann agus ní bhím ró-thógtha leis.

Is cuimhin gur cheannaigh mé T-léine do mo bhuachaill Lá Fhéile Vailintín amháin ach bhí sé ró-bheag agus ní dóigh liom gur cheannaigh mé rud ar bith ó shin dó ar an lá seo.

Shíl mé go raibh tábhacht níos mó leis nuair a bhí mé níos óige.

Tá a fhios agam anois gur lá é atá cruthaithe ag ‘Hallmark’, go gcaitheann daoine airgead ar bhláthanna agus ar sheaicéid ach seans nach bhfuil gá leis.

Ní dóigh liom gur bean rómánsúil mé! (le gáire)


Aoife ‘na glóire binne’ Scott / Amhránaí

Aoife

Nuair a smaoiním siar air, ba ghnách liom an-bhéim a chur ar Lá Fhéile Vailintín agus rud ollmhór a dhéanamh dó.

Bheinn ag cur brú ar cibé duine a raibh mé ag dul amach leis rudaí iontacha a dhéanamh dom a léireodh an oiread grá a bhí aige dom.

Bheinn ag súil le slám peiteal a bheith scaipthe ar an urlár, deireadh seachtaine ar shiúl agus gach rud den chineál sin.

Is dóigh go raibh mé óg agus gur shíl mé gur sin a bhí le déanamh ar an lá ach anois tá mé níos sine, tá mé ag dul amach le duine nach gá dó aon rud a chruthú agus bím ag smaoineamh gur cur amú mór airgid é (le gáire).

Tá mo buachaill ag seinm sa bhanna The Full Set, atá ag seinm in Whelens anocht. Sin an date a bheas agam i mbliana – ag féachaint ar mo bhuachaill ar stáitse!


Maitiú ‘na gcártaí’ Ó Casaide / The Bonny Men

Maitiu

Is ócáid dheas í le dul thar fóir agus grá a scaipeadh, fiú mura bhfuil aithne agat ar na daoine.

Is cuimhin liom ar scoil bheadh na cártaí ag dul thart.

Bheinn ag fáil go leor cártaí, an t-uafás cártaí, gan ainmneacha ar bith luaite leo.

Sin mar a bhí, dá gcuirfidís a n-ainmneacha leo seans go mbeadh níos mó le rá agam faoi.

Tá cailín agam agus is cinnte go mbeidh mé ag déanamh an-iarracht i mbliana.


Lá Fhéile Vailintín Sona a chairde!