Ní hionann ‘ordóga’ & sonas
Taighde nua faoi aitheantas ar Facebook & Twitter

Ní mhothaíonn muid níos fearr fúinn féin nuair a fhaigheann muid ‘croí’ nó ‘ordóg’ ar na meáin shóisialta, a deir taighde nua.

Maítear ó am go chéile go dtreisíonn aitheantas ar na hardáin líonraithe Facebook agus Twitter féinmhuinín an phostálaí agus go gcuireann sé fiú lena sonas.

Dar le staidéar de chuid Ollscoil Dheisceart na Breataine Bige áfach nach bhfuil bunús leis an mhaíomh sin agus go bhfuil nasc idir iarracht mhór a dhéanamh ‘ordóga’ a mhealladh agus easpa féinmheasa.

Baineadh an tátal sin as na freagraí a fuarthas ó 340 duine, a aimsíodh ar Twitter agus Facebook, a líon ceistneoirí pearsantachta isteach a bhain leis an bhealach a úsáideann siad na meáin shóisialta.

Le linn an phróisis cheistithe bhí ar dhaoine a dtuairim a thabhairt ar ráitis ar nós “Tugann an t-aitheantas a fhaighim ar na meáin shóisialta dea-mhothúcháin dom”“Measaim go bhfuil gean mór ag daoine ar dhuine áirithe bunaithe ar líon na n-ordóg nó na gcroíthe a fhaigheann siad.”

Fuair na taigheoirí amach gur mhó seans go mbeadh fadhbanna féinmhuiníne ag duine a dhéanfadh iarracht tuilleadh ‘ordóga’ nó ‘croíthe’ a fháil dá bpostálacha, ar nós iarraidh ar dhaoine eile ‘ordóg’ a thabhairt dóibh nó fiú íoc astu.

Fuarthas amach chomh maith go mb’fhéidir go mbeadh na fadhbanna céanna acu siúd a d’athraigh a bpictiúr próifíle bunaithe ar líon na gcroíthe a thuill sé.

Agus ar a bharr sin uilig thaispeáin an staidéar nár athraigh breis ‘ordóga’ an dóigh a raibh na daoine a líon na ceistneoirí isteach ag mothú.

“Tá an méadú ar úsáid na meán sóisialta ag cothú go leor imní faoinár meabhairshláinte ghinearálta,” arsa Martin Graff ón Ollscoil Dheisceart na Breataine Bige.

“Cé gur staidéar ar scála measartha beag é seo léiríonn na torthaí go mbíonn tionchar ag ár n-idirghníomhú leis na meáin shóisialta ar ár mothúcháin, agus ní i gcónaí ar shlí dhearfach.”

Tá torthaí an taighde nua á gcur i láthair inniu ag comhdháil bhliantúil Chumann Síceolaíochta na Breataine in Brighton Shasana.

Tagann an taighde seo sna sála ar an scéal, a bhris an nuachtán Astrálach The Austalian, go mbíonn a fhios ag Facebook nuair atá déagóirí ag mothú “goilliúnach” agus “gan mhaith” agus gur roinn siad na léargais seo le fógróirí.