“Seán Ó Sneachta, that is me.”
Leagan Gaeilge dá ainm ar eolas ag Jon Snow


“Seán Ó Sneachta, that is me.”

Sin a dúirt an láithreoir aitheanta nuachta as Sasana Jon Snow agus é i mbun comhrá gasta leis an charachtar grinn Éireannach Viper Higgins le déanaí.

D’fhoilsigh Higgins (aka Chris Tordoff) físeán nua ar líne Dé Domhnaigh ina labhraíonn sé le roinnt daoine taobh amuigh de Theach na dTeachtaí i Londain, i measc míreanna eile.

Ag deireadh an fhíseáin, cuireann sé ceist ar Snow faoin olltoghchán sa Bhreatain agus tar éis do Higgins ‘Johnny Sneachta’ a thabhairt air, freagraíonn fear Channel 4 leis an líne “Seán Ó Sneachta, that is me.”

Féach anseo ó 2’50”:

Is léir ón chaint go raibh eolas ag Snow ar an aistriúchán Gaeilge dá ainm agus gur bhain sé sult as é a chur in iúl.

Faoi láthair tá breis agus 170,000 radharc faighte ag an fhíseán agus é roinnte níos mó ná míle uair.