Tá 46 duine áirithe i ‘gcroíphobal’ na Gaeilge ar Twitter — cé hiad féin?

Tá liosta de na giolcairí Gaeilge atá i ‘gcroíphobal’ Gaeilge Twitter curtha ar fáil ag an Ollamh Kevin Scannell, a bhíonn ag coinneáil súil ar fhás agus ar fhorbairt na Gaeilge ar líne.

Foilsíodh anailís ar úsáid na Gaeilge ar Twitter a rinne an tOllamh Scannell, ó Ollscoil St Louis, ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, anailís ina léiríodh gur beag fás atá tagtha ar an gcroíphobal sin ainneoin an fháis mhóir atá tagtha ar an méid Gaeilge a bhíonn á úsáid ar an suíomh. 

Cé go mbíonn na mílte cuntas ag úsáid na Gaeilge anois agus arís ar Twitter, níl ach 46 cuntas pearsanta ag croí an phobail sin a úsáideann an Ghaeilge go príomha agus go rialta — méadú an-bheag ó 40 in 2015.

Ba í an tslat tomhais a d’úsáid Kevin le teacht ar an liosta seo ná cuntas pearsanta le duine aonair nach mbíonn ag giolcaireacht thar ceann eagraíochta, agus a mbíonn 66.6% nó níos mó dá theachtaireachtaí i nGaeilge. Chun a bheith áirithe mar chuntas gníomhach, ní foláir ar a laghad giolc amháin a chur amach in aghaidh na seachtaine. 

Is giolcairí Gaeltachta, daoine a tógadh nó atá anois lonnaithe sa Ghaeltacht, iad 22 (48%) de na cuntais; tá ceathrar (9%) lonnaithe thar lear (sna Stáit Aontaithe agus sa nGearmáin); níl duine ar bith acu lonnaithe sna Sé Chontae, agus tá an 20 duine eile scaipthe ar fud na tíre. Tá 19 (41%) bean agus 27 (59%) fear ar an liosta. 

An Liosta:

@AineEibhlin Áine Ní Bhreisleáin

@Tuigim ‘Tuigim’

@maitiuocoimin Maitiú Ó Coimín

@murchadhmor Eoin P Ó Murchú

@aonghusoha Aonghus Ó hAlmhain

@SeaghanSionnach Seaghan Mac an tSionnaigh

@AilbheOM Ailbhe Ó Monacháin

@Gaelgory Séamus Ó Fionnagáin

@Cabrinid Cabrini de Barra

@kscanne Kevin Scannell

@julser1 Julian de Spáinn

@KingDonncha1 Dennis King

@inneachadh ‘Fige Fí’

@Gormfhlaith Gormfhlaith Ní Thuairisg

@MiseAine Áine Durkan

@Beachtaire ‘Juan’

@sorchanim Sorcha Ní Mhonacháin

@SorchaNiCh Sorcha Ní Chéilleachair

@neachtc Cóilín Ó Neachtain

@edelnic Edel Ní Churraoin

@nedstaf Neasa Ní Chualáin

@JamieOTuama Jamie Ó Tuama

@EibhlindeBhails Eibhlín de Bhailís 

@BBhreathnach Bridget Bhreathnach

@Iarla_Madrid Iarla Mac Aodha Bhuí

@Suilleabhanach Seaghán Ó Súilleabháin

@ainmeolaí Liam Ó hAisbhéil

@iEoghan Eoghan Mac Cormaic

@GoisteAnseo ‘Goitse’

@DannyThiar Danny Brown

@drabhlas Gearóid Ó Mórdha

@freda_hatton Freda Nic Giolla Chatháin

@EdelLovett1 Edel Lovett

@LiamMacAmhlaigh Liam Mac Amhlaigh

@uathachas ‘Uathachas’

@CNiChualain Cailtín Ní Chualáin

@MainneNa Marcus Mac Conghail

@FMJONeill Fergus Ó Néill 

@Johndebarra1 John Barr

@michaelbharry Michael Bharry Ó Flatharta

@ColmCurrivan Colm Ó Ciardubháin

@aherself ‘Jemima Balaclava’

@UibhEachach Oisín Uíbh Eachach

@BhailisDe Áine de Bhailís

@niallmcandrew Niall Mac Aindriú

@evniraghaill_ev Ev Ní Raghaill