Súil óg ar an aimsir
den dara bliain as a chéile ar TG4

Tá TG4 ag lorg láithreoirí óga don dara bliain as a chéile le bheith páirteach i gcraoladh aimsire speisialta Sheachtain na Gaeilge.

Anuraidh den chéad uair, tugadh deis do chúigear páistí réamhaisnéis na haimsire a chur i láthair ar ‘An Aimsir Láithreach’, seirbhís aimsire an chainéil, i dteannta réaltaí an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge.

“D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas seo anuraidh,” arsa Karina Feiritéar, Eagarthóir na n-óg TG4.

“Léirigh an t-aos óg an oiread sin spéise agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh agus tuar na haimsire a léamh trí Ghaeilge ar TG4.”

Ó tharla páistí óga a bheith ag foghlaim faoin aimsir sa bhunscoil, is deis iontach í, dar le Karina, cur lena dtuiscint ar an ábhar “taobh amuigh den seomra ranga.”

“Táimid ag iarraidh daltaí bunscoile ar fud na hÉireann a chur ag caint i nGaeilge agus ag foghlaim trína bheith ag spraoi.”

Tá an comórtas oscailte do dhaltaí bunscoile (6-12 bliain) ó cheann ceann na tíre a bhfuil suim acu an aimsir a chur i láthair.

Beidh réaltaí TG4 ag roinnt a gcuid saineolais lena gcomghleacaithe óga agus iad ag cuidiú leo script a ullmhú agus a chur i láthair sula ndéantar taifead ar an mhír.

Beidh buaiteoir ar leith le feiceáil gach tráthnóna ag 6.55pm le linn Sheachtain na Gaeilge.

Iarrtar ar dhaltaí ar suim leo a bheith páirteach físeán gearr, ina míníonn siad cén fáth ar mian leo An Aimsir Láithreach a chur i láthair, a chur chuig cula4@tg4.ie roimh 3 Márta 2017.

Gach eolas le fáil anseo.