30 bliain de na Hothouse Flowers
Á cheiliúradh an tseachtain seo ar TG4

Bíodh do thóin le cathaoir agus cupán tae i do lámh agat in am don eagrán ar leith seo de chlár ealaíon Imeall – Hothouse Flowers 30 Bliain ar an bhFód – a chraolfar oíche Déardaoin ar stáisiún na nGael ag 8in.

Ceiliúradh ar 30 bliain den bhanna clúiteach atá sa chlár seo a thabharfaidh Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin siar bóithrín na smaointe ar an aistear ceoil atá siúlta acu go dtí seo.

Ar ais go Sráid Grafton BÁC ar dtús, áit ar cuireadh síol an ghrúpa an chéad lá, agus iad ag búscáil leo mar bhídís tráth nuair a bhí an banna ag toiseach amach i lár na n80í.

hhf

Feictear thuas seal thíos seal na gceoltóirí sa chlár seo; ón am a fuair an banna – “a bhí óg agus réidh don domhan mór,” i bhfocail Fhiachna – glaoch ón mhór-iris ceoil Rolling Stone le rá go raibh siad ainmnithe do ghradam don ghrúpa is fearr ar domhan nár síníodh le lipéad; go hamanna deacra eile a tháinig i ndiaidh go bhfuair athair Liam bás.

Thóg na bláthanna sos bliain go leith óna bheith ag seinm le chéile tar éis sin agus nuair a tháinig siad le chéile arís is mar bhanna triúir, seachas cúigear, a bhí siad.

Pléann Peter O’Toole, ball bunaidh na buíne, go hionraic agus go hoscailte leis an mhaitheas a rinne seisiúin theiripe don ghrúpa agus iad tagtha ar ais le chéile in athuair.

Mothaíonn siad i bhfad níos socra ná riamh iontu féin mar ghrúpa anois agus táthar ag baint suilt as a bheith ag taisteal timpeall na cruinne lena gcuid ceoil go fóill.

Bígí ag súil le scoth an cheoil, agallaimh neamhbhalbha agus meascán de scannán cartlainne agus seisiúin a scannánaíodh go speisialta le haghaidh an chláir.


Tiúnáil isteach go ‘Imeall – Hothouse Flowers 30 Bliain ar an bhFód’, Déardaoin 17 Nollaig ag 8in ar TG4.