6 Chlann Cheolmhara
á gceiliúradh anocht ar 'Ceol ón Chlann' #2!

San fhuil nó san aer, deirtear go bhfuil rud éigin faoi mhuintir an oileáin bhig seo a chruthaíonn ceoltóirí den scoth.

Anocht ar TG4, fiosrófar taobh na fola de ar ‘Ceol ón Chlann’ # 2, agus ceiliúradh a dhéanamh ar shé chlann Éireannacha a bhfuil bua an cheoil go smior iontu.

“Níl a fhios agam an é go bhfuil a lán teaghlach ceolmhar in Éirinn nó an é go bhfuil a lán ceoltóirí in Éirinn díreach”, arsa Feilimí O’Connor, léiritheoir Ceol ón Chlann, ar ball de theaghlach ceolmhar é féin.

“Tá muid iontach ceolmhar mar náisiún beag, níl mórán tíortha eile ann ina bhfuil uirlis cheoil acu mar an tsiombail náisiúnta,” a dúirt sé.

Taispeántar sa tsraith gur chuidigh sé le cuid de na grúpaí gur deirfiúracha agus deartháireacha iad mar go raibh siad in ann níos mó ama a chaitheadh lena chéile ag cleachtadh ceoil.

“Bhí tuigbhéal ceoil eatarthu mar gheall gur éist siad leis na ceoltóirí agus na grúpaí céanna go luath ina saol agus b’fhéidir go raibh iomaíocht ceoil ann eatarthu fosta, agus spreag sin iad le dul chun cinn a dhéanamh sa cheol,” arsa Feilimí.


Ó mhuintir Shannon, Mama’s boys agus The Four of Us go dtí The Bachelors, clann chraiceáilte Uí Bheaglaoich agus na Feirtsigh fhuinniúla McSherry, cuirimis aithne ar 6 chlann cheolmhara a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain mhóir.

1) Muintir Shannon

Shannon beag

Sharon is clúití sa teaghlach ceolmhar seo gan amhras ach bhí an ceol ina dhlúthchuid den saol teaghlaigh agus iad ag fás aníos i gCo. an Chláir.

Thosaigh Gary, an mac is sine, ag foghlaim ceoil ar dtús agus ní i bhfad gur lean a dheirfiúracha é.

Is sa ghrúpa Dísirt Tola, a fuair siad blas den cheol proifisiúnta den chéad uair.

Ba ghearr ansin go bhfuair Sharon aitheantas mar cheoltóir den scoth agus fuair sí deis iontach bheith ag seinm leis The Waterboys ag aois óg.


2) Mama’s Boys

MAMAS BOYS

Tógadh i dteaghlach ceolmhar Pat, John agus Tommy Mc Manus agus gach cineál uirlis cheoil sa teach acu.

Tar éis dóibh The Horslips a chloisteáil, d’fhág siad na huirlisí traidisiúnta ina ndiaidh agus bhunaigh siad Mama’s Boys.

Tarraingíodh aird na lipéad mór ar na racairí óga lena singil ‘Needle in The Grove’, a seoladh in 1982 agus tháinig cuireadh ó Phil Lynott dul ar chamchuairt le Thin Lizzy go gairid ina dhiaidh sin.

D’éirigh leo Billboard Top 100 i Meiriceá a bhaint amach lena n-albam Power and Passion ach tháinig deireadh luath leis an ghrúpa de dheasca tubaistí éagsúla, go háirithe bás tragóideach a ndearthár, Tommy.


3) The Four of Us

four

Bhí dúil ag Breandan Murphy banna ceoil a bhunadh ag deireadh na 80í in Iúir Cinn Trá.

Tháinig Brendan agus a dheartháireacha Declan agus Paul le chéile, leis an drumadóir Peter Mc Kinney, agus cuireadh tús le The Four of Us.

D’éirigh go maith leo leis an singil iomráiteach ‘Mary’, amhrán a bhfuil an-tóir go fóill air sa lá atá inniu ann.

Bhain a gcéad cheirnín, Songs for the Tempted, barr na gcairteacha amach agus tar éis 25 bliana, táthar ag gabháil leo.

Is iad Brendan agus Declan na baill atá fágtha sa ghrúpa anois agus creideann siad go bhfuil a gcuid ceoil agus a gcaidreamh níos láidre ná riamh.


4) The Bachelors

Mc

50 bliain ó shin bhí cailíní óga splanctha i ndiaidh The Bachelors.

Is as Baile Átha Cliatha iad na deartháireacha Conleth agus Declan Cluskey agus in éineacht le John Stokes chuir siad an chéad ‘boy band’ Éireannach ar bun agus na mná craiceáilte fúthu.

D’éirigh go hiontach leo sna cairteacha sna blianta tosaigh – nuair a bhí The Beatles go mór i réim – le sraith amhrán, ina measc  ‘I believe’, ‘Charmaine’, ‘The Stars Will Remember’, ‘Ramona’ agus ‘Diane’.


5) Muintir Uí Bheaglaoich

EP 5 Begley Family Session

Tá muintir Uí Bheaglaoich sáite i gcultúr agus i gceol traidisiúnta Ghaeltacht Chiarraí.

Teaghlach naonúir iad as leithinis an Daingin, agus is ceoltóirí agus amhránaithe den scoth iad ar fad. Sheinn an t-athair ar an mileoidean agus b’amhránaí í an mháthair.

Bhí clú agus cáil ar a dteach baile i mBaile na bPoc, de bharr na gcóisirí tí a bhíodh acu sna 50í, go háirithe nuair a bhítí ag fágáil slán leo siúd a bhí ag tógáil an bháid bháin.

Thaistil na deartháireacha agus na deirfiúracha ar fud an domhain lena gceol agus tá cuid mhór den chéad ghlúin eile ag cur leis an traidisiún sin agus iad ag seinm gach saghas ceoil anois.


6) Muintir McSherry, aka Tamalin

Tamlin

Rugadh agus tógadh Paul, Tríona, John agus Joanne Mc Sherry i mBaile Andarsan, in iarthar Bhéal Feirste.

Bhí ceol traidisiúnta mar chuid lárnach dá saol agus iad ag fás aníos in aimsir na dtrioblóidí.

Thosaigh siad ag seinm le chéile mar ghrúpa ceoil The Mc Sherry’s, ag déanamh gigeanna suas agus síos Bóthar na bhFál go luath sna 80í.

Bhunaigh siad an banna ceoil Tamalin sna 90í agus thaistil siad ar fud na cruinne lena stíl uathúil cheoil.

Tháinig cúraimí clainne sa bhealach ar dhul chun cinn an ghrúpa in amanna, ach tá glúin óg mhuintir McSherry ag leanúint leis an oidhreacht cheoil sin go fóill.


Is iad Muintir Shannon a chuirfidh tús leis an tsraith nua anocht, oíche Dé Domhnaigh, 28 Feabhra, ag 22:00 ar TG4. . Athchraolfar an clár Déardaoin ag 10.00in. Tiúnaigí isteach!