60 Soicind le…
Hector Ó hEochagáin

Agus é tagtha slán ó thuras ar fud Mheiriceá Láir, tá Hector ‘ildánach’ Ó hEochagáin, ar ais ar scáileán TG4 le sraith nua taistil, ‘Hector Central’. Labhair sé linn faoi Sheán Boylan, duine dá laochra, faoi bhreis agus 100 tír atá siúlta aige, agus faoin chúis nach bhfuil aiféala air as aon rud… “tógadh mé le gruaig rua sna 80í.”


1. Cárb as duit?

An Uaimh, Co. na Mí.

2. Trí rud a shamhlaíonn tú go mór le do cheantar dúchais?

The Royal County, peil, an Bhóinn.

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

Croí mór, gáire, cineálta.

4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Bhrasaíl, mar gur phós mé ann.

5. Céard é an gig is mó a thaitin leat riamh, agus cén fáth?

Elbow an chéad uair riamh i bpuball Bodytonic ag an bPicnic Leictreach, 2008.

6. An banna a chuireann tú ar siúl?

Queens of the Stone Age.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do láithreoir?

Fear an phoist ar rothar.

hectormor

8. An bhfuil aiféala ort as aon rud i do shaol?

Níl, mar tógadh mé le gruaig rua sna 80í.

9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ar scoil le Tommy Tiernan agus Dylan Moran.

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Mo pháistí.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Dinnéar agus tine.

12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, agus cén fáth?

An fear san fhógra Heineken: Benicio del Toro.

13. Rud maith faoi bheith i do chónaí i nGaillimh?

An aimsir, go háirithe an bháisteach agus an ghaoth.

14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?

An Ghaeilge – mo theanga.

hectormeircealar15. Cén phearsa is mó atá i ndiaidh dul i bhfeidhm ort?

Seán Boylan, iarbhainisteoir Chontae na Mí. Is duine de laochra móra an tsaoil é. Éireannach go smior é. Tuigfidh aon duine a bhuail leis riamh gur mar sin atá sé. Is cneasaí é.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Síos go dtí an bhialann Indiach liom le Lamb Bhuna, Matar paneer, Sag Aloo agus Pishwari nan a fháil – an t-iomlán!

17. Céard é an chéad áit eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Alasca, an tSibéir, an Rúis: áiteanna iargúlta. Tá mé tar éis an oiread taistil a dhéanamh ar fud na cruinne. Tá cuairt tugtha agam ar níos mó ná céad tír san achar 16 bliana atá mé ag obair le TG4.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Cuirim anlann dhearg ar gach rud.

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Mo chlann.

20. Rud ar leith ar mhaith leat é a dhéanamh amach anseo?

Níos mó cláracha cearta teilifíse a dhéanamh do na hÉireannaigh.


Seo mír ón tríú clár sa tsraith ‘Hector Central’ a chraolfar oíche Dhéardaoin @ 10in ar TG4.