60 Soicind le
le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh

Agus gach uile dhuine ar bhaile Ros na Rún ag caint faoi bhainis Mack agus Dee, agus faoi bholg mór a deirféar Katy (thíos), ghoid muid 60 soicind le haisteoir álainn na gruaige doinne, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, atá i gcroílár an aicsin an Nollaig seo!

Labhair sí linn faoina bheith ag aistriú anonn go dtí an Cholóim ar feadh sé mhí, faoi chothromaíocht a bhaint amach ina saol agus faoin cheangal shaibhir sin idir Gaeil na tíre!


1. Cárb as duit?

Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair.

2. Trí rud a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú faoi do cheantar dúchais?

– An teanga shaibhir
– Na tránna fairsinge
– Spiorad an phobail

3. Trí fhocal a chuireann síos ort?

– Gael
– Gealgháireach
– Díograiseach

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An samhradh seo caite, thug mé m’aghaidh ar Mheiriceá Láir agus Cúba agus déarfainn gurb iad na daoine i gCúba, as na tíortha go léir, a chuir an fháilte is croíúla romhainn.

Chaith muid Oíche na nAithreacha i gcoisir tí i lár chathair Havana.

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an oíche go deo agus muid ag déanamh iarrachta a bheith ag salsa le beoir agus todóg idir na méara againn.

5. An bhfuil nós Nollaigiúil ar bith ann a chuireann leis an séasúr duit?

Oibríonn mo dheartháir i nDeisceart na Súdáine, agus ní ró-mhinic a fhaigheann sé deis theacht ‘na bhaile.

Bíonn sé go deas muid uilig a bheith ar ais agus an teach lán bí is dí!

6. Buaicphointe siamsa na bliana?

Ní bhuailtear an chraic ag an Oireachtas!

6. Cén cineál ceoil a mheallann do chluas? 

Braitheann sé go hiomlán ar an fhonn atá orm.

Tá réimse leathan ar mo iPhone idir  Britney Spears agus System of a Down go Clannad agus Kanye West!

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir?

Ceist chrua. Chaith mé cúig mhí ag plé leis an iriseoireacht is taighde agus bhain mé sult mór as an phost.

Is maith liom a bheith ag inse scéalta, más fríd na haisteoireacht nó iriseoireacht nó fiú an léachtóireacht atá sé.

Tá seans ann go mbeadh slí éigin iad a thabhairt le chéile amach anseo nó má tá duine ar bith ag iarraidh mé a íoc leis an domhan a thaisteal ghlacfainn leis sin fosta!

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Níl i ndáiríre. Tá an saol gairid agus ní fiú am a chur amú a bheith ag smaoineamh ar rudaí nár oibrigh amach.

Tá sé tábhachtach sásamh a bhaint as na rudaí beaga, achan seans a ghlacadh agus gan a bheith ró-dháiríre.

10. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag siúl ar thrá Phort Arthur ag bailiú sliogán le mo mhamaí nó ag caitheamh achan dara hoíche sa Chrannóg ag foghlaim port agus amhrán.

11.  Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Mo chairde – tá an t-iomlán acu craiceáilte!

12. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Béile deas agus cúpla deoch ina dhiaidh.

Áit chompordach le comhrá a bheith againn agus neart craice.

Bheadh an bhialann Rouge i nGaillimh go maith ach bheinn ag éirí amhrasach fúthu dá mbeadh siad ag ordú stéig a bhí ró-dhéanta!

13. Rud amháin a thaitníonn leat faoi do charachtar Katy i Ros na Rún, agus rud nach dtaitníonn leat fúithi.

Is maith liom go bhfuil sí muiníneach agus nach bhfaigheadh mórán an ceann is fearr uirthi ach ní maith liom go mbíonn sí cantalach go maith… go minic!

14. Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?

Asking For It le Lousie O’Neill.

Is scéal é atá ró-chomónta in Éirinn 2016.

15. Cad é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

An chraic, níl a sárú le fáil.

Tá ceangal saibhir idir Gaeil na tíre. Ní bhuailfeá an comhluadar is an chraic nuair a thagann muid le cheile.

16. Geansaithe na Nollag?

Ní chuireann siad isteach ná amach orm le bheith fírinneach.

17. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad é a dhéanfá leis?

Thabharfainn na girseacha amach le haghaidh béile galánta i McDonalds, ó bhiachlár an ‘euro saver’!

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Níl bhál, nach mise atá gan locht?!

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Cothromaíocht a bhaint amach i mo shaol idir an obair oideachais, aisteoireacht agus taisteal.

20. An bhfuil rún na bliana úire agat?

Chuaigh cultúr Mheiriceá Laidinigh chomh mór sin i bhfeidhm orm go bhfuil mé ag bogadh anonn dtí an Cholóim ar feadh sé mhí nuair a chríochnaíonn an séasúr seo ar Ros na Rún.

Is é an rún ná go dtiocfaidh mé ar ais le Spáinnis an iarraidh seo!