60 Soicind le…
Fionnuala Ní Fhlaithearta

Is í bean na gruaige doinne Fionnuala Ní Fhlaithearta an chéad duine i gcathaoir 60 Soicind i mbliana.

Aisteoir í Fionnuala atá i bhfoireann An Klondike, a bhfuil sraith nua de ag teacht amach ar TG4 Lá Fhéile Bríde. 

Labhair sí linn faoina carachtar Bridget Mannion, faoina céad ról ar scáileán & stáitse, agus faoi bhuaicphointe 2016… tomhais cad é!


1) Cárb as duit?

Inis Mór, Árainn. Árannach bródúil mé!

2) Trí rud a sheasann amach faoi do cheantar dúchais.

– Áilleacht na farraige.
– An timpeallacht stairiúil.
– Na daoine. Tá pobal iontach ar an oileán.

3) An bhialann is deise i nGaillimh?

‘O’Grady’s on the Pier’ i mBearna. Tá bia ar fheabhas in ‘Ard Bia’ freisin.

4) An rud is mó a chuireann ag gáire thú?

Friends – mo chairde agus an seó!

5) Stáitse nó teilifís?

Bhí mé ar stáitse na hamharclainne den chéad uair anuraidh le Pan Pan Theatre sa Project Arts Centre agus bhain mé an-sásamh as ach b’fhearr liom a bheith ar seit teilifíse mar is sa teilifís a thosaigh mé.

6) Beidh An Klondike #2 ag craoladh go luath, cad ar féidir linn a bheith ag súil leis?

Is féidir liom a rá go mbeidh an dara sraith de An Klondike níos drámata agus níos fearr ná an chéad sraith!

A luaithe is a leag mé lámh ar an script ní raibh mé in ann é a leagan uaim.

Tá sé níos dorcha agus níos spleodraí ná riamh!

Beidh go leor de na carachtair chéanna ón chéad sraith ar ais agus freisin go leor carachtar nua.

Beidh Duane Howard, a bhí sa scannán The Revenant anuraidh, ann in éineacht le Timmy V Murphy, Timmy Creed agus Donncha Crowley.

7) Inis dúinn faoi do charachtar féin.

Tá mo charachtar Bridget Mannion bunaithe ar bhean arbh as Ros Muc di ó dhúchas. Chuaigh sí ar imirce go Meiriceá nuair a bhí sí 16 agus rinne sí a bealach go dtí Klondike ag obair mar shirtheoir (duine a bhí ag cuartú óir).

Rinne sí go leor airgid agus d’fhill sí ar Ros Muc tar éis blianta thall. Bean iontach láidir í sa tsraith agus bhí sé an-spéisiúil a bheith ag tabhairt faoin ról.

8) Cad a dhéanfá mar stíl bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir?

Is maith liom an próiseas ar fad a bhaineann le scannánaíocht agus léiriúchán agus is aoibhinn liom an smideadh.

B’fhéidir ról éigin a mbeadh baint aige le ceann den phéire sin.

9) Cén scannán/sraith teilifíse is fearr leat?

Tá sé deacair ceann amháin a roghnú ach is aoibhinn liom an scannán Wuthering Heights, an seancheann le Laurence Oliver. Tá sé feicthe agam an oiread babhtaí.

Freisin – agus tá fhios agam go bhfuil mé beagáinín deireanach leis an ceann seo – thosaigh mé ag breathnú ar Sons of Anarachy le gairid.

Tá sé iontach! Tá Timmy V Murphy ann a bheas le feiceáil in An Klondike #2!

10) An píosa éadaigh is fearr leat i do vardrús?

Is éadaí dubha iad go leor dóibh – ní fhaighim tinn den dath sin riamh i mo vardrús ACH tá gúna ildaite agam a fuair mé in Topshop cúig nó sé bliana ó shin agus is aoibhinn liom é.

11) An bhfuil aiféala ar bith agat?

Ní fiú a bheith aiféalach. Foghlaim ó na botúin agus fás!

12) An t-amhrán is fearr leat?

Deacair aon cheann amháin a roghnú, ach is aoibhinn liom Fleetwood Mac go háirithe an t-amhrán ‘Everywhere’.

Chonaic mé arú anuraidh iad i mBaile Átha Cliath. Bhí siad iontach!

13) Cad é a d’eagrófá agus tú ag casadh le duine a bhfuil dúil agat iontu?

Oh, níl mé ró-iontach ag eagrú rudaí ach b’fhéidir dinnéar deas agus gig cheoil nó grinn a fheiceáil ina dhiadh.

14) Leabhar maith atá léite le déanaí?

Faoi láthair tá mé léamh The Secret Scripture le Sebastian Barry.

Tá mé ag iarraidh é a léamh sula dtiocfaidh an scannán amach.

Tá an-suim agam i ndírbheathaisnéisí freisin – chríochnaigh mé ceann Ava Gardner roimh an Nollaig agus bhí sé an-mhaith.

15) Inis dom faoin pháirt a bhí agat sa scannán Éireannach Out of Innocence?

Sarah Flynn atá ar mo charachtar.

Tá an scannán bunaithe ar eachtraí a tharla in Éirinn sna h80í.

Scéal fíor-thábhachtach a d’athraigh meon na ndaoine faoi mhná in Éirinn ag an am.

Faoi láthair tá an scannán ag dul thart sna féilte scannánaíochta. Bhí sé i SAM, Sasana agus san Ollainn roimh an Nollaig.

16) An rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

Is é an rud is fearr ná go bhfuil teanga dár gcuid féin againn – an Ghaeilge. Tá traidisiún álainn ag na Gaeil a mbíonn muid bródúil as is cuma cá mbíonn tú sa domhan.

17) An bhfuil rún na bliana úire agat?

Níl i mbliana mar go mbrisim iad gach bliain!

18) Dá mbeadh €20 fágtha sa sparán agat cad a dhéanfa leis?

Chaitheann ar sheacláid é, gan dabht!

19) An bhfuil drochnós ar bith agat?

Ní fhágaim mórán ama le spáráil ar chor ar bith. Is minic a bhíonn mo chairde ag fanacht orm agus mé ag rith isteach nuair atá tús á chur le himeachtaí!

20) Cad é buaicphointí 2016 duit? 

Ag obair ar An Klondike #2 an samhradh seo caite.

Bhí sé chomh speisialta a bheith ar ais ar an seit in Uachtar Ard le go leor den dream céanna tar éis briseadh dhá bhliain.

Freisin, bhí an chéad taispeáint de Out of Innocence againn thall i Londain sa bhféile scannánaíochta Raindance i Meán Fómhair.

B’ócáid fíor-speisialta í mar gurb é sin an chéad scannán a rinne mé agus bhí sé go hálainn é a fheiceáil ar an scáileán mór.